Publications
Beidh fáil ar an láithreán askcomreg.ie trí Ghaeilge de réir a chéile sna míonna amach romhainn. Cliceáil anseo don láithreán Béarla agus féach Ról ComReg thíos.
Ról ComReg
Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Teileachumarsáide (ODTR) an 10 Márta 1997 agus ba í Etain Doyle an Stiúrthóir. An 1 Nollaig 2002 aistríodh feidhmeanna an ODTR chuig an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Tá triú choimisinéirí ag ComReg: Mike Byrne, John Doherty agus Alex Chisholm. Is é John Doherty An Cathaoirleach.
Is éard is ComReg ann ná an comhlacht reachtúil atá freagrach as rialáil na hearnálacha cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus craoltóireacht) agus an phoist. Is é ComReg an t-údarás rialála náisiúnta do na hearnálacha sin de réir dhlí an AE, dlí a aistrítear isteach i reachtaíocht na hÉireann.
- Cumhdaíonn ár ndualgas oibre líonraí tarchuir lena n-áirítear:
- Sreang thraidisiúnta teileafóin;
- Líonraí so ghlaiste a chuireann seirbhísí gutha agus sonraí ar fáil;
- Cumarsáid raidió lena n-áirítear raidió fosaitheach a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil;
- Tarchur traidisiúnta teilifíse agus raidió;
- Teilifís chábla;
- MMDS agus oibríochtaí sraonta a chuireann seirbhísí teilifíse ar fáil;
- Creat ceadúnais do Sheirbhísí Satailíte in Éirinn.
De réir Alt 10 agus Alt 12 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002, tá raon feidhmeanna agus cuspóirí ag ComReg a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhar agus post a chur ar fáil. Áirítear orthu sin:
- Comhlíonadh oibleagáidí a chinntiú;
- Iomaíocht a chothú;
- Cuidiú leis an margadh inmheánach a fhorbairt;
- Leas úsáideoirí a chothú laistigh den Chomhphobal Eorpach;
- Bainistíocht agus úsáid éifeachtach an speictrim mhinicíochta agus uimhreacha ón scéim náisiúnta uimhriúcháin;
- Forbairt earnáil an phoist a chur chun cinn agus go háirithe seirbhís uilíoch a bheith ar fáil laistigh den Stát agus uaidh ag praghas inacmhainneach chun leasa gach úsáide.
Comhlíonann ComReg freisin Treoracha Beartais a eisíonn an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Eisíodh an chéad bheart de threoracha beartais do ComReg i mí Feabhra 2003.
Cruthaíonn ComReg iomaíocht in earnáil na Cumarsáide trí éascaíocht a dhéanamh do dhreamanna nua teacht isteach sa mhargadh trí údarú ginearálta chun líonraí agus seirbhísí a chur ar fáil, agus trí teacht ar líonraí a rialáil d'fhonn rogha éifeachtach a fhorbairt do thomhaltóirí gnó agus tí. In earnáil atá ag athrú agus ag fás go tapa, ó thaobh na teicneolaíochta agus na tráchtála de, cuireann ComReg creat ar fáil chun seirbhísí nua cosúil le 3G a thabhairt isteach.
Is é an fócas don rialáil sa tseirbhís phoist i margadh atá léirscaoilte i bpáirt ná an Oibleagáid Seirbhíse Uilíche (USO) a chothabháil agus a chinntiú go mbíonn praghsanna An Post dírithe ar chostas.
Díríonn ár gcuid gníomhaíochtaí ar úsáideoirí gnó agus tí na cumarsáide agus ar oibritheoirí.
Ráiteas Straitéise (2008-2010)
Reference Number: 07/104AG
Download Document: ComReg07104AG.pdf- Date: Monday, 17th December 2007
- File Type: Adobe Acrobat Document
- File Size: 104 KB
- Publications Type:
- Publications Category: As Gaeilge, Corporate, Regulatory Policy

Get Adobe Acrobat Reader
Click here to register for new publication notifications





