Publications

Beidh fáil ar an láithreán askcomreg.ie trí Ghaeilge de réir a chéile sna míonna amach romhainn. Cliceáil anseo don láithreán Béarla agus féach Ról ComReg thíos.

Ról ComReg

Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Teileachumarsáide (ODTR) an 10 Márta 1997 agus ba í Etain Doyle an Stiúrthóir. An 1 Nollaig 2002 aistríodh feidhmeanna an ODTR chuig an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Tá triú choimisinéirí ag ComReg: Mike Byrne, John Doherty agus Alex Chisholm. Is é John Doherty An Cathaoirleach.

Is éard is ComReg ann ná an comhlacht reachtúil atá freagrach as rialáil na hearnálacha cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus craoltóireacht) agus an phoist. Is é ComReg an t-údarás rialála náisiúnta do na hearnálacha sin de réir dhlí an AE, dlí a aistrítear isteach i reachtaíocht na hÉireann.

  • Cumhdaíonn ár ndualgas oibre líonraí tarchuir lena n-áirítear:
  • Sreang thraidisiúnta teileafóin;
  • Líonraí so ghlaiste a chuireann seirbhísí gutha agus sonraí ar fáil;
  • Cumarsáid raidió lena n-áirítear raidió fosaitheach a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil;
  • Tarchur traidisiúnta teilifíse agus raidió;
  • Teilifís chábla;
  • MMDS agus oibríochtaí sraonta a chuireann seirbhísí teilifíse ar fáil;
  • Creat ceadúnais do Sheirbhísí Satailíte in Éirinn.

De réir Alt 10 agus Alt 12 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002, tá raon feidhmeanna agus cuspóirí ag ComReg a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhar agus post a chur ar fáil. Áirítear orthu sin:

  • Comhlíonadh oibleagáidí a chinntiú;
  • Iomaíocht a chothú;
  • Cuidiú leis an margadh inmheánach a fhorbairt;
  • Leas úsáideoirí a chothú laistigh den Chomhphobal Eorpach;
  • Bainistíocht agus úsáid éifeachtach an speictrim mhinicíochta agus uimhreacha ón scéim náisiúnta uimhriúcháin;
  • Forbairt earnáil an phoist a chur chun cinn agus go háirithe seirbhís uilíoch a bheith ar fáil laistigh den Stát agus uaidh ag praghas inacmhainneach chun leasa gach úsáide.

Comhlíonann ComReg freisin Treoracha Beartais a eisíonn an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Eisíodh an chéad bheart de threoracha beartais do ComReg i mí Feabhra 2003.

Cruthaíonn ComReg iomaíocht in earnáil na Cumarsáide trí éascaíocht a dhéanamh do dhreamanna nua teacht isteach sa mhargadh trí údarú ginearálta chun líonraí agus seirbhísí a chur ar fáil, agus trí teacht ar líonraí a rialáil d'fhonn rogha éifeachtach a fhorbairt do thomhaltóirí gnó agus tí. In earnáil atá ag athrú agus ag fás go tapa, ó thaobh na teicneolaíochta agus na tráchtála de, cuireann ComReg creat ar fáil chun seirbhísí nua cosúil le 3G a thabhairt isteach.

Is é an fócas don rialáil sa tseirbhís phoist i margadh atá léirscaoilte i bpáirt ná an Oibleagáid Seirbhíse Uilíche (USO) a chothabháil agus a chinntiú go mbíonn praghsanna An Post dírithe ar chostas.

Díríonn ár gcuid gníomhaíochtaí ar úsáideoirí gnó agus tí na cumarsáide agus ar oibritheoirí.

Spectrum Management Strategy Statement 2008 - 2010

Reference Number: 08/50

  • 08/50 - Spectrum Management Strategy Statement 2008 - 2010Download Document: ComReg0850.pdf
  • Date: Tuesday, 1st July 2008
  • File Type: Adobe Acrobat Document
  • File Size: 621 KB
  • Publications Type: Information Notice
  • Publications Category: 3G, Broadband, Broadcasting, Corporate, Digital Terrestial Television, Fixed Wireless Access, Licensing, MMDS, Mobile, Radio, Regulatory Policy, Satellite, Spectrum, Tetra


Beidh fáil ar an láithreán askcomreg.ie trí Ghaeilge de réir a chéile sna míonna amach romhainn. Cliceáil anseo don láithreán Béarla agus féach Ról ComReg thíos.

Ról ComReg

Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Teileachumarsáide (ODTR) an 10 Márta 1997 agus ba í Etain Doyle an Stiúrthóir. An 1 Nollaig 2002 aistríodh feidhmeanna an ODTR chuig an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Tá triú choimisinéirí ag ComReg: Mike Byrne, John Doherty agus Alex Chisholm. Is é John Doherty An Cathaoirleach.

Is éard is ComReg ann ná an comhlacht reachtúil atá freagrach as rialáil na hearnálacha cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus craoltóireacht) agus an phoist. Is é ComReg an t-údarás rialála náisiúnta do na hearnálacha sin de réir dhlí an AE, dlí a aistrítear isteach i reachtaíocht na hÉireann.

  • Cumhdaíonn ár ndualgas oibre líonraí tarchuir lena n-áirítear:
  • Sreang thraidisiúnta teileafóin;
  • Líonraí so ghlaiste a chuireann seirbhísí gutha agus sonraí ar fáil;
  • Cumarsáid raidió lena n-áirítear raidió fosaitheach a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil;
  • Tarchur traidisiúnta teilifíse agus raidió;
  • Teilifís chábla;
  • MMDS agus oibríochtaí sraonta a chuireann seirbhísí teilifíse ar fáil;
  • Creat ceadúnais do Sheirbhísí Satailíte in Éirinn.

De réir Alt 10 agus Alt 12 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002, tá raon feidhmeanna agus cuspóirí ag ComReg a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhar agus post a chur ar fáil. Áirítear orthu sin:

  • Comhlíonadh oibleagáidí a chinntiú;
  • Iomaíocht a chothú;
  • Cuidiú leis an margadh inmheánach a fhorbairt;
  • Leas úsáideoirí a chothú laistigh den Chomhphobal Eorpach;
  • Bainistíocht agus úsáid éifeachtach an speictrim mhinicíochta agus uimhreacha ón scéim náisiúnta uimhriúcháin;
  • Forbairt earnáil an phoist a chur chun cinn agus go háirithe seirbhís uilíoch a bheith ar fáil laistigh den Stát agus uaidh ag praghas inacmhainneach chun leasa gach úsáide.

Comhlíonann ComReg freisin Treoracha Beartais a eisíonn an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Eisíodh an chéad bheart de threoracha beartais do ComReg i mí Feabhra 2003.

Cruthaíonn ComReg iomaíocht in earnáil na Cumarsáide trí éascaíocht a dhéanamh do dhreamanna nua teacht isteach sa mhargadh trí údarú ginearálta chun líonraí agus seirbhísí a chur ar fáil, agus trí teacht ar líonraí a rialáil d'fhonn rogha éifeachtach a fhorbairt do thomhaltóirí gnó agus tí. In earnáil atá ag athrú agus ag fás go tapa, ó thaobh na teicneolaíochta agus na tráchtála de, cuireann ComReg creat ar fáil chun seirbhísí nua cosúil le 3G a thabhairt isteach.

Is é an fócas don rialáil sa tseirbhís phoist i margadh atá léirscaoilte i bpáirt ná an Oibleagáid Seirbhíse Uilíche (USO) a chothabháil agus a chinntiú go mbíonn praghsanna An Post dírithe ar chostas.

Díríonn ár gcuid gníomhaíochtaí ar úsáideoirí gnó agus tí na cumarsáide agus ar oibritheoirí.


Main Navigation

  • iei.ie
  • Winner of an O2 ability award 2007
  • Approved CPD Employer ACCA Plus
  • Address: © 2009 ComReg Commission for Communications Regulation Block DEF, Abbey Court Irish Life Centre Lower Abbey Street Dublin 1
  • Tel: + 353 1 804 9600 | LoCall: 1890 22 9600 | Consumer Line 1890 229668 Fax: + 353 1 804 9680
  • E-Mail: info@comreg.ie