An méid a dhéanaimid

Róil agus Dualgais

Is é ComReg an comhlacht stáit atá freagrach as ríalú na hearnála cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáide, radachumarsáid, craoladh agus seirbhísí ardráta) agus an earnáil poist.

Tá raon leathan dualgas teileachumarsáide (nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí agus líonra chun cur síos níos cuimsí a chur air), poist agus bhainistiú speictrim orainn. Feidhmíonn ComReg faoi scáth reachtaíocht na hÉireann agus an AE sna hearnálacha seo.

Táimid freagrach as iomaíocht a chur chun cinn, tomhaltóirí a chosaint, agus nuálaíocht a spreagadh. Bímid ag plé le ceisteanna deacra dlí, eacnamaíochta agus teicneolaíochta in ár gcuid oibre, agus ag cinntiú go ndéantar cinntí i mbealach cothrom agus go mínítear iad go soiléir. Feidhmíonn ComReg mar chomhlacht coláisteach, glacann na Coimisinéirí na cinntí ar fad le chéile. Breathnaítear ar seo mar rud fíor-thábhachtach agus ComReg ag comhlíonadh spioraid an Achta um Rialáil Cumarsáide, 2002, a d’eascair ComReg as.

Léiríonn an físeán seo tuilleadh faoi ComReg – cé muidne agus cad a bhíonn ar siúl againn.