{"id":132255,"date":"2024-11-29T16:34:12","date_gmt":"2024-11-29T16:34:12","guid":{"rendered":"https:\/\/www.comreg.ie\/?page_id=132255"},"modified":"2024-12-02T12:16:59","modified_gmt":"2024-12-02T12:16:59","slug":"seanadh-na-huirlise-comparaide","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/seanadh-na-huirlise-comparaide\/","title":{"rendered":"S\u00e9anadh na hUirlise Compar\u00e1ide"},"content":{"rendered":"<h3>Aidhm Uirlis Chompar\u00e1ide ComReg (&#8220;ComReg Compare&#8221;)<\/h3>\n<p>Is chun cr\u00edocha faisn\u00e9ise amh\u00e1in at\u00e1 an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo (cuims\u00edonn &#8220;su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in&#8221; aon fheidhmchl\u00e1r m\u00f3ib\u00edleach n\u00f3 feidhmchl\u00e1r eile a thugann rochtain duit ar shu\u00edomhanna gr\u00e9as\u00e1in). Is \u00ed an \u00fas\u00e1id cheart at\u00e1 leis n\u00e1 mar uirlis idirghn\u00edomhach a l\u00e9ir\u00edonn compar\u00e1id idir an costas a bhaineann le raon leathan pleananna taraife oibritheoir\u00ed le haghaidh seirbh\u00eds\u00ed seasta, m\u00f3ib\u00edleacha agus leathanbhanda.<\/p>\n<p>Cuireann ComReg an tseirbh\u00eds seo ar f\u00e1il i gcomhr\u00e9ir lena dhualgas dl\u00edthi\u00fail chun cur ar chumas \u00fas\u00e1ideoir\u00ed roghanna eolasacha a dh\u00e9anamh agus cinneadh \u00e1 dh\u00e9anamh sol\u00e1thr\u00f3ir\u00ed seirbh\u00edse cumars\u00e1ide a athr\u00fa n\u00f3 pac\u00e1iste a athr\u00fa leis an sol\u00e1thr\u00f3ir seirbh\u00edse c\u00e9anna. Is \u00e9 sprioc ComReg an deis a thabhairt do thomhalt\u00f3ir\u00ed chun tairiscint\u00ed margaidh sol\u00e1thr\u00f3ir\u00ed seirbh\u00edse cumars\u00e1ide a chur i gcompar\u00e1id tr\u00ed scagair\u00ed \u00e9ags\u00fala lena n-\u00e1ir\u00edtear cine\u00e1l plean, cine\u00e1l l\u00edonra, fad conartha, teicneola\u00edocht, luasanna agus sol\u00e1thr\u00f3ir seirbh\u00edse.<\/p>\n<p>Is chun cr\u00edocha l\u00e9irithe amh\u00e1in at\u00e1 na tortha\u00ed a chuirtear i l\u00e1thair agus beidh siad ag brath ar an bhfaisn\u00e9is a chuireann t\u00fa isteach agus na toimhd\u00ed a \u00fas\u00e1idtear san uirlis r\u00edofa.<br \/>\nD\u00e9anann sol\u00e1thr\u00f3ir\u00ed seirbh\u00edse na sonra\u00ed a \u00fas\u00e1idtear in Uirlis Chompar\u00e1ide ComReg a uasl\u00f3d\u00e1il uair sa r\u00e1ithe ar a laghad agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, tr\u00e1th a n-\u00fas\u00e1idtear iad ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in, d&#8217;fh\u00e9adfadh sonra\u00ed at\u00e1 n\u00edos cothroime le d\u00e1ta a bheith ar f\u00e1il. D&#8217;fh\u00e9adfadh f\u00edorthaith\u00ed an \u00fas\u00e1ideora, ag brath ar ch\u00fains\u00ed ar leith an \u00fas\u00e1ideora, a bheith difri\u00fail \u00f3 na tortha\u00ed a thaispe\u00e1ntar ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in.<\/p>\n<p>Is faisn\u00e9is ghinear\u00e1lta \u00ed an fhaisn\u00e9is a chuirtear ar f\u00e1il agus n\u00ed thabharfaidh s\u00ed aghaidh ar ch\u00fains\u00ed sonracha duine aonair ar leith. M\u00e1 t\u00e1 ceist agat faoi do ch\u00fains\u00ed ar leith, ba cheart duit teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leis an oibritheoir\/na hoibritheoir\u00ed \u00e1bhartha.<\/p>\n<p>Cuireann ComReg an tseirbh\u00eds seo ar f\u00e1il chun rochtain an phobail ar fhaisn\u00e9is a fheabhs\u00fa agus f\u00e9adfaidh ComReg \u00e9 a leas\u00fa\/a tharraingt siar ag am ar bith. Is \u00e9 sprioc ComReg an fhaisn\u00e9is seo a choinne\u00e1il reatha agus cruinn. M\u00e1 chuirtear earr\u00e1id\u00ed ar a sh\u00faile d\u00f3, d\u00e9anfaidh s\u00e9 iarracht iad a cheart\u00fa chomh tapa agus is f\u00e9idir. D\u00e9an teagmh\u00e1il le <a href=\"mailto:webmaster@comreg.ie\">webmaster@comreg.ie<\/a> chun aon earr\u00e1id\u00ed a thuairisci\u00fa.<\/p>\n<h3>Gan bhar\u00e1nta<\/h3>\n<p>N\u00ed thugann ComReg aon ionada\u00edocht, bar\u00e1nta, r\u00e1tha\u00edocht, gealltanas n\u00e1 dearbh\u00fa ar bith (sainr\u00e1ite n\u00f3 intuigthe) maidir le cruinneas na faisn\u00e9ise at\u00e1 ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo n\u00f3 ar aon su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in tr\u00ed\u00fa p\u00e1irt\u00ed, lena n-\u00e1ir\u00edtear su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in aon oibritheora n\u00f3 maidir leis na tortha\u00ed deiridh a chuirtear ar f\u00e1il tr\u00edd an uirlis seo.<\/p>\n<p>Tabhair faoi deara nach ionann na tortha\u00ed a fhaightear agus ionsamhl\u00fach\u00e1n ar shonraisc mh\u00edos\u00fala agus nach bhfuil siad le h\u00fas\u00e1id chun sonraisc mh\u00edos\u00fala a r\u00e9iteach. M\u00e1 t\u00e1 aon cheist agat maidir le sonraisc mh\u00edos\u00fala, ba cheart duit teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh le d&#8217;oibritheoir. Mar an gc\u00e9anna, chun faisn\u00e9is mhionsonraithe a fh\u00e1il faoi aon cheann de na pleananna taraife, t\u00e9igh i dteagmh\u00e1il leis an oibritheoir \u00e1bhartha.<\/p>\n<p>Is iad na hoibritheoir\u00ed m\u00f3ib\u00edleacha aonair a shol\u00e1thra\u00edonn an fhaisn\u00e9is taraife maidir leis na pleananna taraife ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo agus is ar na hoibritheoir\u00ed m\u00f3ib\u00edleacha amh\u00e1in at\u00e1 an fhreagracht i gc\u00f3na\u00ed as an \u00e1bhar sin.<\/p>\n<h3>Gan chonradh<\/h3>\n<p>Chun aon amhras a sheachaint, tabhair faoi deara nach bhfuil aon \u00fadar\u00e1s ar bith ag ComReg ceangal a chur ar aon oibritheoir le haon chonradh (\u00f3 bh\u00e9al n\u00f3 i scr\u00edbhinn) agus nach ionann na tortha\u00ed agus tairiscint \u00f3 ComReg n\u00f3 \u00f3 aon oibritheoir, at\u00e1 in ann glacadh leis.<\/p>\n<h3>\u00das\u00e1id aonair agus modhanna rochtana<\/h3>\n<p>T\u00e1 an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo le haghaidh \u00fas\u00e1id neamhthr\u00e1cht\u00e1la amh\u00e1in agus n\u00edl s\u00e9 chun cr\u00edocha gn\u00f3. Is f\u00e9idir teacht air tr\u00edn\u00e1r su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in, gn\u00e1thbhrabhs\u00e1laithe gr\u00e9as\u00e1in agus m\u00f3ib\u00edleacha agus feidhmchl\u00e1ir tomhalt\u00f3ir\u00ed den chine\u00e1l c\u00e9anna agus aon aip a d&#8217;fh\u00e9adfaimis a fhorbairt, ach n\u00ed le haon r\u00f3bat, ransaitheoir, l\u00e9itheoir as l\u00edne, feidhmchl\u00e1r cuardaigh\/aisghabh\u00e1la l\u00e1ithre\u00e1in n\u00f3 gl\u00e9as, uirlis n\u00f3 pr\u00f3iseas l\u00e1imhe n\u00f3 uathoibr\u00edoch eile chun sonra\u00ed a aisghabh\u00e1il, a inn\u00e9acs\u00fa n\u00f3 a thochailt \u00f3n\u00e1r su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in.<\/p>\n<h3>\u00das\u00e1id Seolta agus \u00c9irch\u00f3id<\/h3>\n<p>D&#8217;fh\u00e9adfa\u00ed faisn\u00e9is a aisghabh\u00e1il \u00f3n su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in tr\u00ed sheoladh n\u00f3 \u00c9irch\u00f3d (\u00f3n gC\u00f3ras N\u00e1isi\u00fanta Postch\u00f3d) a chur isteach de l\u00e1imh sa tsaor\u00e1id chuardaigh. Tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as an tsaor\u00e1id chuardaigh, toil\u00edonn t\u00fa leis an \u00fas\u00e1id a bhaineann ComReg as an bhfaisn\u00e9is a cuireadh isteach. Ba ch\u00f3ir duit a bheith c\u00faramach agus an fhaisn\u00e9is \u00e1 cur isteach sa tsaor\u00e1id chuardaigh chun a chinnti\u00fa go bhfuil s\u00e9 ceart. Is f\u00e9idir tuilleadh eolais maidir le h\u00c9irch\u00f3id a fh\u00e1il <a href=\"https:\/\/www.eircode.ie\/Sitefinity\/Login?ReturnUrl=https%3a%2f%2fwww.eircode.ie%2fdocs%2fdefault-source%2fcommon%2fcode-of-practice-version-7b23930b5-1cbd-4b89-bafe-bcd6f72438f8.pdf%3fStatus%3dMaster%26sfvrsn%3dda5b1d12_3\">anseo<\/a> agus t\u00e1 R\u00e1iteas Pr\u00edobh\u00e1ideachais \u00c9irch\u00f3id <a href=\"https:\/\/www.eircode.ie\/privacy\">anseo<\/a>.<\/p>\n<h3>Teorann\u00fa ar dhliteanas<\/h3>\n<p>A mh\u00e9id is m\u00f3 a cheada\u00edtear faoin dl\u00ed, n\u00ed bheidh ComReg, na Coimisin\u00e9ir\u00ed n\u00e1 fostaithe agus comhairleoir\u00ed ComReg faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais n\u00f3 dam\u00e1iste ar bith a tharla\u00edonn de bharr n\u00f3 maidir leis an \u00fas\u00e1id a bhaineann t\u00fa as an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo n\u00f3 as aon saor\u00e1id n\u00f3 seirbh\u00eds a chuireann an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo ar f\u00e1il (lena n-\u00e1ir\u00edtear caillteanas n\u00f3 dam\u00e1ist\u00ed ind\u00edreacha n\u00f3 iarmhartacha ach gan a bheith teoranta d\u00f3ibh, caillteanas sonra\u00ed, ioncaim, brab\u00fais n\u00f3 deiseanna, caillteanas dam\u00e1iste do mhaoin n\u00f3 \u00e9ilimh tr\u00ed\u00fa p\u00e1irtithe) fi\u00fa m\u00e1 cuireadh in i\u00fal do ComReg go bhf\u00e9adfadh caillteanas n\u00f3 dam\u00e1ist\u00ed den s\u00f3rt sin teacht chun cinn n\u00f3 go raibh an caillteanas agus na dam\u00e1ist\u00ed sin r\u00e9as\u00fanta intuartha. Baineann an teorann\u00fa dliteanais seo ina ioml\u00e1ine freisin le su\u00edomhanna idirl\u00edn seachtracha a nascann leis an su\u00edomh seo, n\u00f3 at\u00e1 nasctha leis nach bhfuil ComReg freagrach astu.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s go nascann \u00e1r su\u00edomh le su\u00edomhanna eile, n\u00edl an Coimisi\u00fan um Rial\u00e1il Cumars\u00e1ide freagrach as \u00e1bhar, c\u00f3ipcheart n\u00f3 polasaithe pr\u00edobh\u00e1ideachais na su\u00edomhanna gr\u00e9as\u00e1in seo. Cuirtear naisc agus tagairt\u00ed do shu\u00edomhanna gr\u00e9as\u00e1in, d&#8217;eagra\u00edochta\u00ed n\u00f3 do dhaoine eile lasmuigh de ComReg ar f\u00e1il mar \u00e1is amh\u00e1in agus n\u00edor cheart glacadh leo mar mholadh \u00f3 ComReg. Cuireann ComReg an tseirbh\u00eds seo ar f\u00e1il chun rochtain an phobail ar fhaisn\u00e9is a fheabhs\u00fa.<\/p>\n<h3>Maoin Intleacht\u00fail<\/h3>\n<p>T\u00e1 an fhaisn\u00e9is, an t-\u00e1bhar, na grafaic\u00ed, an t\u00e9acs, na h\u00edomh\u00e1nna, na tr\u00e1dmharcanna, na hainmneacha tr\u00e1d\u00e1la agus na l\u00f3g\u00f3nna at\u00e1 ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo faoi chosaint c\u00f3ipchirt, tr\u00e1dmhairc, ceart ar bhunachar sonra\u00ed, ceart sui generis agus dl\u00edthe maoine intleacht\u00fala eile.<\/p>\n<p>N\u00ed f\u00e9idir an t\u00e9acs\/\u00e1bhar seo a thaispe\u00e1ntar ar an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo a st\u00f3r\u00e1il go buan n\u00f3 a ch\u00f3ipe\u00e1il lena dh\u00e1ileadh tuilleadh. N\u00ed f\u00e9idir saothair dh\u00edorthacha a chruth\u00fa \u00f3 \u00e1bhar an tsu\u00edmh gr\u00e9as\u00e1in. Tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in, aonta\u00edonn t\u00fa gan aon ais-innealt\u00f3ireacht n\u00f3 aisthioms\u00fa a dh\u00e9anamh ar aon cheann de na bogearra\u00ed n\u00f3 teicneola\u00edocht eile a \u00fas\u00e1ideann ComReg. T\u00e1 cosc ioml\u00e1n ar aon ch\u00f3ipe\u00e1il, d\u00e1ileadh, st\u00f3r\u00e1il n\u00f3 seachadadh eile d&#8217;aon chine\u00e1l, n\u00f3 aon chine\u00e1l \u00fas\u00e1ide tr\u00e1cht\u00e1la d&#8217;\u00e1bhar an tsu\u00edmh gr\u00e9as\u00e1in, gan \u00fadar\u00fa sainr\u00e1ite i scr\u00edbhinn a fh\u00e1il roimh r\u00e9 \u00f3 ComReg.<\/p>\n<p>N\u00ed f\u00e9idir aon naisc chuig an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo a chur san \u00e1ireamh in aon su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in eile gan \u00fadar\u00fa sainr\u00e1ite i scr\u00edbhinn a fh\u00e1il \u00f3 ComReg.<\/p>\n<h3>Leas\u00fa<\/h3>\n<p>Coime\u00e1dann ComReg an ceart na T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha a athr\u00fa ag am ar bith tr\u00ed athruithe a phost\u00e1il ar l\u00edne. T\u00e1 t\u00fa freagrach as athbhreithni\u00fa rialta a dh\u00e9anamh ar fhaisn\u00e9is a phost\u00e1iltear ar l\u00edne chun athruithe den s\u00f3rt sin a thabhairt faoi deara go tr\u00e1th\u00fail. Is ionann an \u00fas\u00e1id lean\u00fanach a bhaineann t\u00fa as an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo agus glacadh leis tr\u00ed thic a chur sa &#8216;bhosca glactha&#8217; tar \u00e9is athruithe a bheith post\u00e1ilte, agus glacadh leis na T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha seo arna modhn\u00fa ag na hathruithe a post\u00e1ladh.<\/p>\n<h3>R\u00e1iteas Pr\u00edobh\u00e1ideachais<\/h3>\n<p>T\u00e1 r\u00e1iteas pr\u00edobh\u00e1ideachais ComReg mar chuid den S\u00e9anadh seo.<\/p>\n<h3>An Dl\u00ed Rialaithe<\/h3>\n<p>Beidh an S\u00e9anadh seo agus an \u00fas\u00e1id a bhaineann t\u00fa as an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo faoi rial\u00fa dhl\u00edthe na h\u00c9ireann agus beidh dl\u00ednse ag c\u00fairteanna na h\u00c9ireann amh\u00e1in chun aon agra\u00ed, gn\u00edomhartha n\u00f3 imeachta\u00ed a \u00e9isteacht agus a chinneadh agus chun aon d\u00edosp\u00f3id\u00ed a r\u00e9iteach a d&#8217;fh\u00e9adfadh teacht chun cinn as an gc\u00e9anna n\u00f3 i dtaca leis.<\/p>\n<h3>Scaradh<\/h3>\n<p>M\u00e1s rud \u00e9 gur cheart a chinneadh go bhfuil aon chuid den S\u00e9anadh seo neamhdhleathach, neamhbhail\u00ed n\u00f3 neamh-infheidhmithe ar shl\u00ed eile, d\u00e9anfar an t\u00e9arma n\u00f3 na t\u00e9arma\u00ed sin a bhaint agus a scriosadh as an gcl\u00e1sal lena mbaineann agus mairfidh na T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha eile, fanfaidh siad i l\u00e1nfheidhm agus i l\u00e1n\u00e9ifeacht agus leanfaidh siad de bheith ceangailteach agus infhorfheidhmithe.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aidhm Uirlis Chompar\u00e1ide ComReg (&#8220;ComReg Compare&#8221;) Is chun cr\u00edocha faisn\u00e9ise amh\u00e1in at\u00e1 an su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in seo (cuims\u00edonn &#8220;su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in&#8221; aon fheidhmchl\u00e1r m\u00f3ib\u00edleach n\u00f3 feidhmchl\u00e1r eile &hellip; <a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/seanadh-na-huirlise-comparaide\/\"><\/a><\/p>\n","protected":false},"author":57,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":99,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"templates\/template-topic-pages-noanchors.php","meta":{"_acf_changed":false,"_relevanssi_hide_post":"","_relevanssi_hide_content":"","_relevanssi_pin_for_all":"","_relevanssi_pin_keywords":"","_relevanssi_unpin_keywords":"","_relevanssi_related_keywords":"","_relevanssi_related_include_ids":"","_relevanssi_related_exclude_ids":"","_relevanssi_related_no_append":"","_relevanssi_related_not_related":"","_relevanssi_related_posts":"","_relevanssi_noindex_reason":"","footnotes":"","_wp_rev_ctl_limit":""},"class_list":["post-132255","page","type-page","status-publish","hentry","page_category-consumer"],"acf":[],"aioseo_notices":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/132255","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/57"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=132255"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/132255\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":132290,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/132255\/revisions\/132290"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=132255"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}