{"id":138180,"date":"2026-03-27T16:15:35","date_gmt":"2026-03-27T16:15:35","guid":{"rendered":"https:\/\/www.comreg.ie\/?page_id=138180"},"modified":"2026-03-27T16:20:55","modified_gmt":"2026-03-27T16:20:55","slug":"stoirmeacha-agus-drochaimsir","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/stoirmeacha-agus-drochaimsir\/","title":{"rendered":"Stoirmeacha agus Drochaimsir"},"content":{"rendered":"<p><a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic.png\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone wp-image-135524 size-large\" src=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic-1024x586.png\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"586\" srcset=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic-1024x586.png 1024w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic-300x172.png 300w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic-1536x878.png 1536w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Severe-Weather-Graphic-2048x1171.png 2048w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p>T\u00e1 L\u00edonra\u00ed agus Seirbh\u00eds\u00ed Cumars\u00e1ide Leictreona\u00ed (LCL agus SCL) r\u00edth\u00e1bhachtach do gheilleagar agus do shaol laeth\u00fail na h\u00c9ireann. Cabhra\u00edonn siad linn fanacht i dteagmh\u00e1il, na me\u00e1in sh\u00f3isialta a \u00fas\u00e1id, \u00e1bhar ar l\u00edne a shruth\u00fa agus gn\u00f3lachta\u00ed a re\u00e1cht\u00e1il. T\u00e1imid ag brath ar na seirbh\u00eds\u00ed sin toisc gur dl\u00fathchuid d\u00e1r saol baile agus d\u00e1r saol oibre araon iad.<br \/>\nIs f\u00e9idir le stoirmeacha agus teagmhais adhaimsire tionchar suntasach a imirt ar sheirbh\u00eds\u00ed teileachumars\u00e1ide in \u00c9irinn, rud a fh\u00e1gann go mb\u00edonn bristeacha seirbh\u00edse agus cur isteach ar sheirbh\u00eds\u00ed.<\/p>\n<p>D\u2019fh\u00e9adfadh drochaimsir difear a dh\u00e9anamh do na l\u00edonra\u00ed gan sreang agus fosaithe ar bheala\u00ed \u00e9ags\u00fala:<\/p>\n<ul>\n<li>B\u00edonn roinnt c\u00e1bla\u00ed faoi thalamh agus is f\u00e9idir le tuilte dam\u00e1iste a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh.<\/li>\n<li>Is f\u00e9idir l\u00ednte copair agus sn\u00e1ith\u00edn at\u00e1 ar crochadh ar adhmad n\u00f3 ar chuaill\u00ed miotail a leagan le gaotha l\u00e1idre, le crainn a thiteann n\u00f3 le sneachta trom.<\/li>\n<li>T\u00e1 roinnt trealaimh ar thalamh ard, \u00e1it a mb\u00edonn s\u00ed gan chosaint ar aimsir chrua amhail gaoth, b\u00e1isteach agus teochta\u00ed reo.<\/li>\n<li>T\u00e1 eilimint\u00ed leictreonacha gn\u00edomhacha ag caibin\u00e9id sr\u00e1ide le haghaidh l\u00edonra\u00ed teileaf\u00f3in agus leathanbhanda agus is f\u00e9idir le teas agus tuilte difear a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh.<\/li>\n<li>Is f\u00e9idir le bristeacha cumhachta leictreachais difear a dh\u00e9anamh do na l\u00edonra\u00ed.<\/li>\n<\/ul>\n<p>Aonta\u00edonn na saineolaithe go mbeidh teagmhais adhaimsire mar thoradh ar an athr\u00fa aer\u00e1ide n\u00edos minice, agus gur d\u00f3cha go nd\u00e9anfaidh s\u00e9 sin difear d\u2019aimsir na h\u00c9ireann sna blianta amach romhainn. Tiocfaidh m\u00e9ad\u00fa breise ar an t\u00e1bhacht a bhaineann le l\u00edonra\u00ed cumars\u00e1ide athl\u00e9imneacha de r\u00e9ir mar a bhraithimid n\u00edos m\u00f3 agus n\u00edos m\u00f3 ar an teicneola\u00edocht sin.<\/p>\n<p><strong>R\u00e9iteach do dhrochaimsir<\/strong><\/p>\n<p>Is f\u00e9idir linn ar fad ruda\u00ed faoi leith a dh\u00e9anamh chun r\u00e9iteach do dhrochaimsir. Is f\u00e9idir len\u00e1r ngl\u00e9asanna cumars\u00e1ide cabhr\u00fa linn fanacht s\u00e1bh\u00e1ilte, fanacht ar an eolas agus a chur ar \u00e1r gcumas d\u00fainn cabhair a fh\u00e1il nuair is g\u00e1.<\/p>\n<p><strong>R\u00e9itigh do chuid gl\u00e9asanna:<\/strong><br \/>\nDo ghl\u00e9as m\u00f3ib\u00edleach, do th\u00e1ibl\u00e9ad, do r\u00edomhaire gl\u00faine agus aon ghl\u00e9as a chumhachta\u00edtear le cadhnra, d\u00e9an cinnte go bhfuil s\u00e9 plug\u00e1ilte isteach sa phr\u00edomhl\u00edonra agus luchtaithe roimh r\u00e9.<\/p>\n<p>Coinnigh do ghl\u00e9asanna cothrom le d\u00e1ta. T\u00e1 an seans ann go bhfaighidh gl\u00e9asanna ar f\u00e9idir leo ceangal le n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 cine\u00e1l l\u00edonra amh\u00e1in, mar shampla 2G, 3G, 4G agus 5G, seirbh\u00eds ar ais n\u00edos sciobtha thar \u00e9is bristeacha. T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 sol\u00fabthachta ag baint leo sin mar gheall go n-\u00fas\u00e1ideann siad cib\u00e9 teicneola\u00edocht mh\u00f3ib\u00edleach at\u00e1 ar f\u00e1il sa limist\u00e9ar lena mbaineann.<\/p>\n<p><strong>Bain \u00fas\u00e1id as banc cumhachta m\u00f3ib\u00edleach:<\/strong><br \/>\nCoinnigh luchtaithe go hioml\u00e1n \u00e9 ionas gur f\u00e9idir leat \u00e9 a \u00fas\u00e1id chun do ghl\u00e9as m\u00f3ib\u00edleach a lucht\u00fa m\u00e1 t\u00e1 gearradh cumhachta ann. Smaoinigh ar bhanc cumhachta m\u00f3ib\u00edleach grianchumhachtaithe mar fhoinse cumhachta eis-eanga\u00ed.<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone wp-image-135525 size-large\" src=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-1024x682.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"682\" srcset=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-1024x682.jpg 1024w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-300x200.jpg 300w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-1536x1024.jpg 1536w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery.jpg 2000w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p><strong>Cuir creidmheas ar do ghuth\u00e1n m\u00f3ib\u00edleach r\u00e9amh-\u00edoctha:<\/strong><br \/>\nM\u00e1 \u00fas\u00e1ideann t\u00fa f\u00f3n \u2018\u00edoc-mar-a-\u00fas\u00e1idtear\u2019, d\u00e9an cinnte go bhfuil d\u00f3thain creidmheasa agat chun fanacht i dteagmh\u00e1il.<\/p>\n<ul>\n<li>Is f\u00e9idir leat <a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/faq\/how-do-i-top-up-a-prepay-mobile-phone-account\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">do chreidmheas f\u00e9in a bhreisi\u00fa<\/a> \u2013 n\u00f3 creidmheas duine eile &#8211; go cianda m\u00e1s g\u00e1.<\/li>\n<li>Fi\u00fa mura bhfuil aon chreidmheas agat, is f\u00e9idir leat glaoch ar sheirbh\u00eds\u00ed \u00e9igeand\u00e1la, \u00f3 aon l\u00edonra (112 n\u00f3 999).<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>\u00das\u00e1id paca c\u00faltaca cadhnra<\/strong><br \/>\nIs f\u00e9idir le r\u00e9iteach c\u00faltaca cadhnra a chinnti\u00fa go bhfanfaidh roinnt gl\u00e9asanna baile cumhachtaithe go sealadach le linn briseadh cumhachta i do theach.<\/p>\n<p>Mura bhfuil cumhacht caillte ag an l\u00edonra leathanbhanda f\u00e9in, is f\u00e9idir le c\u00faltaca cadhnra a chur ar do chumas duit do r\u00f3daire agus do mh\u00f3ideim a chumhacht\u00fa go sealadach chun fanacht nasctha leis an idirl\u00edon.<\/p>\n<p>M\u00e1 t\u00e1 l\u00edne thal\u00fan VoIP (Pr\u00f3tacal Idirl\u00edn Guthaithe) agat, is teicneola\u00edocht \u00ed sin a chuireann ar do chumas duit glaonna a dh\u00e9anamh thar nasc idirl\u00edn, d\u2019fh\u00e9adfadh an c\u00faltaca cadhnra cabhr\u00fa leat glaonna a dh\u00e9anamh agus a fh\u00e1il freisin. Is f\u00e9idir na l\u00ednte tal\u00fan VoIP sin a aithint ar an gcaoi a bplug\u00e1lann isteach i do mh\u00f3ideim\/r\u00f3daire seachas isteach go d\u00edreach i soic\u00e9ad balla.<\/p>\n<p>T\u00e1 gl\u00e9asanna c\u00faltaca cadhnra ar f\u00e1il ar an margadh faoi l\u00e1thair ar f\u00e9idir iad a cheannach, n\u00f3 is f\u00e9idir le do shol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse comhairle a chur ort.<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone wp-image-135522 size-large\" src=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup-1024x682.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"682\" srcset=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup-1024x682.jpg 1024w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup-300x200.jpg 300w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup-1536x1024.jpg 1536w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/Battery-Backup.jpg 2000w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p><strong>Suite\u00e1il pain\u00e9il gr\u00e9ine chun cumhacht a shol\u00e1thar le linn briseadh<\/strong><br \/>\nIs d\u00f3cha go mbeidh go leor tithe ina bhfuil pain\u00e9il ghr\u00e9ine agus cadhnra suite\u00e1ilte f\u00f3s gan chumhacht m\u00e1 t\u00e1 gearradh cumhachta ann. Is f\u00e9idir le leictreoir deimhnithe lasc athraitheach a shuite\u00e1il, rud a ligeann don ch\u00f3ras d\u00edcheangal go huathoibr\u00edoch \u00f3n bpr\u00edomheangach agus do theach a rith ar chumhacht gr\u00e9ine agus cadhnra amh\u00e1in le linn briseadh cumhachta.<\/p>\n<p>Is f\u00e9idir leis sin gl\u00e9asanna riachtanacha amhail d\u2019fh\u00f3n, Wi-Fi agus raidi\u00f3 a choinne\u00e1il cumhachtaithe le linn stoirme n\u00f3 gearradh cumhachta. Agus an eangach a bheith as feidhm, is f\u00e9idir le fuinneamh gr\u00e9ine agus\/n\u00f3 fuinneamh cadhnra st\u00f3r\u00e1ilte do gl\u00e9asanna cumars\u00e1ide a choinne\u00e1il ar si\u00fal, go dt\u00ed go n-athbhun\u00f3far cumhacht.<\/p>\n<p><strong>Cruthaigh teagmh\u00e1la\u00ed \u00e9igeand\u00e1la agus Aitheantas Sl\u00e1inte ar d\u2019fh\u00f3n p\u00f3ca<\/strong><\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone wp-image-135526 size-large\" src=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1-1024x690.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"690\" srcset=\"https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1-1024x690.jpg 1024w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1-300x202.jpg 300w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1-1536x1035.jpg 1536w, https:\/\/www.comreg.ie\/media\/2025\/09\/ICE1.jpg 2000w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p>Cuir IC\u00c9 (i gc\u00e1s \u00e9igeand\u00e1la) isteach agus cruthaigh C\u00e1rta Aitheantais Sl\u00e1inte ar d\u2019fh\u00f3n cliste, \u00e1it a bhfuil s\u00e9 ar f\u00e1il. N\u00f3 \u00edosl\u00f3d\u00e1il feidhmchl\u00e1r a ligeann duit ceann a shocr\u00fa.<\/p>\n<p>I do Ch\u00e1rta Aitheantais Sl\u00e1inte t\u00e1 do shonra\u00ed pearsanta, d\u2019eolas sl\u00e1inte agus do theagmh\u00e1laithe \u00e9igeand\u00e1la agus is f\u00e9idir an t-eolas sin a fheice\u00e1il \u00f3 sc\u00e1ile\u00e1n an ghlais. Cuid\u00edonn s\u00e9 sin le freagr\u00f3ir\u00ed \u00e9igeand\u00e1la teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh le duine at\u00e1 gar duit agus do riachtanais sl\u00e1inte a thuiscint.<\/p>\n<p>Chun tuilleadh eolais a fh\u00e1il, tabhair cuairt ar <a href=\"https:\/\/112.ie\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">112.ie<\/a> \u2014 an su\u00edomh oifigi\u00fail maidir le cathain agus conas glaoch ar sheirbh\u00eds\u00ed \u00e9igeand\u00e1la in \u00c9irinn agus san Aontas.<\/p>\n<p>M\u00e1 t\u00e1 t\u00fa bodhar, m\u00e1 t\u00e1 lag\u00fa \u00e9isteachta ort n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 deacrachta\u00ed cainte agat, is f\u00e9idir leat <a href=\"https:\/\/112.ie\/emergency-sms-service\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">an tSeirbh\u00eds T\u00e9acs \u00c9igeand\u00e1la n\u00f3<\/a> an <a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/advice-information\/emergency-call-answering-service\/real-time-text-rtt\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">T\u00e9acs F\u00edor-ama (RTT)<\/a> a \u00fas\u00e1id chun glaoch ar na seirbh\u00eds\u00ed \u00e9igeand\u00e1la.<\/p>\n<p><strong>Breac s\u00edos do chuid teagmh\u00e1laithe t\u00e1bhachtacha<\/strong><br \/>\nIs f\u00e9idir le guth\u00e1n cumhacht a chailli\u00faint n\u00f3 iad a f\u00e9in a bheith caillte n\u00f3 dochar a dh\u00e9anamh d\u00f3. Coinnigh c\u00f3ip i scr\u00edbhinn de do phr\u00edomhuimhreacha teagmh\u00e1la amhail teaghlaigh, c\u00faram\u00f3ir\u00ed agus comharsana. Cuir isteach uimhir sheirbh\u00eds do shol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse do chustaim\u00e9ir\u00ed.<\/p>\n<p><strong>\u00das\u00e1id raidi\u00f3 cadhnra-chumhachtaithe n\u00f3 raidi\u00f3 l\u00e1mhchrainne<\/strong><br \/>\nCuid\u00edonn raidi\u00f3 AM\/FM leat fanacht ar an eolas faoi rabhaidh aimsire, nuashonruithe agus comhairle s\u00e1bh\u00e1ilteachta poibl\u00ed fi\u00fa m\u00e1 thiteann na l\u00edonra\u00ed m\u00f3ib\u00edleacha. Smaoinigh ar roinnt cadhnra\u00ed sp\u00e1rtha a choinne\u00e1il don raidi\u00f3 sin agus aon solas n\u00f3 t\u00f3irse cadhnra-chumhachtaithe at\u00e1 agat.<\/p>\n<p><strong>Cl\u00e1raigh riachtanais d\u2019\u00fas\u00e1ideoir leochaileach le do shol\u00e1thra\u00ed<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>\u00a0T\u00e1 cl\u00e1r custaim\u00e9ir\u00ed at\u00e1 faoi mh\u00edchumas agus custaim\u00e9ir\u00ed a bhfuil riachtanais bhreise acu ag sol\u00e1thraithe seirbh\u00edse ionas gur f\u00e9idir leo taca\u00edocht n\u00edos fearr a thabhairt d\u00f3ibh.<\/li>\n<li>M\u00e1s custaim\u00e9ir n\u00edos sine th\u00fa a bhfuil riachtanais bhreise agat, d\u2019fh\u00e9adfadh seirbh\u00eds\u00ed taca\u00edochta a bheith ag roinnt sol\u00e1thraithe tr\u00ed chain\u00e9al teagmh\u00e1la tiomnaithe.<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>C\u00e9ard is ceart a dh\u00e9anamh le linn drochaimsire<\/strong><br \/>\nNuair a thagann drochaimsir, b\u00edonn s\u00e9 n\u00edos t\u00e1bhachta\u00ed f\u00f3s a bheith s\u00e1bh\u00e1ilte agus nasc a bheith agat go f\u00f3ill. Lean na leideanna seo chun do ghl\u00e9as a chosaint, cumhacht a chaomhn\u00fa agus fanacht i dteagmh\u00e1il.<\/p>\n<p><strong>\u00das\u00e1id l\u00edonra\u00ed go cr\u00edonna<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>M\u00e1 bh\u00edonn do l\u00edonra m\u00f3ib\u00edleach as feidhm n\u00f3 m\u00e1 bh\u00edonn an cl\u00fadach lag\n<ul>\n<li>Ligeann glaonna Wi-Fi duit glaonna a dh\u00e9anamh agus a fh\u00e1il agus teachtaireachta\u00ed t\u00e9acs a sheoladh thar nasc Wi-Fi, in \u00e1it l\u00edonra m\u00f3ib\u00edleach. Seice\u00e1il socruithe d\u2019fh\u00f3in chun glaoch Wi-Fi a chumas\u00fa m\u00e1 thaca\u00edonn do shol\u00e1thra\u00ed leis sin.<\/li>\n<li>Bain \u00fas\u00e1id as feidhmchl\u00e1ir cos\u00fail le WhatsApp, Messenger n\u00f3 FaceTime. Is f\u00e9idir leis na feidhmchl\u00e1ir seo cur ar do chumas glaonna a dh\u00e9anamh ag baint \u00fas\u00e1ide as do leathanbhanda baile.<\/li>\n<\/ul>\n<\/li>\n<li>M\u00e1 bh\u00edonn do leathanbhanda baile as feidhm n\u00f3 mall\n<ul>\n<li>Cruthaigh pointe m\u00f3ib\u00edleach: Is f\u00e9idir leat d\u2019fh\u00f3n p\u00f3ca a \u00fas\u00e1id chun a nasc idirl\u00edn m\u00f3ib\u00edleach a roinnt le gl\u00e9asanna eile. Tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as do phlean sonra\u00ed m\u00f3ib\u00edleacha at\u00e1 ann cheana, oibr\u00edonn d\u2019fh\u00f3n ar n\u00f3s do r\u00f3daire leathanbhanda baile, rud a chuireann ar do chumas nascadh le r\u00edomhair\u00ed gl\u00faine, t\u00e1ibl\u00e9id agus roinnt gl\u00e9asanna baile cliste. Ach b\u00ed ar an eolas gur f\u00e9idir leis do chadhnra m\u00f3ib\u00edleach a dhraen\u00e1il.<\/li>\n<\/ul>\n<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>Cosain do ghl\u00e9asanna leictreonacha<\/strong><br \/>\nMolaimid teorant\u00f3ir borrtha a \u00fas\u00e1id le haghaidh trealamh \u00edogair amhail r\u00f3dair\u00ed, m\u00f3ideim\u00ed agus f\u00f3in l\u00edne tal\u00fan chun an riosca dam\u00e1iste \u00f3 bhorradh cumhachta de bharr tintr\u00ed a laghd\u00fa. D\u2019fh\u00e9adfadh an chomhairle sin a bheith bainteach maidir le leictreonaic \u00edogair eile amhail r\u00edomhair\u00ed, cons\u00f3il cluich\u00ed agus teilif\u00edse\u00e1in freisin.<\/p>\n<p><strong>S\u00e1bh\u00e1il cadhnra d\u2019fh\u00f3in p\u00f3ca<\/strong><br \/>\nCoinnigh \u00fas\u00e1id f\u00f3in chomh h\u00edseal agus is f\u00e9idir chun go mairfidh do chadhnra chomh fada agus is f\u00e9idir.<\/p>\n<ul>\n<li>Cuid\u00edonn m\u00f3d \u00edsealchumhachta, m\u00f3d sonra\u00ed \u00edsle, m\u00f3d coigilteora cadhnra agus m\u00f3d eitle\u00e1in le cumhacht cadhnra a chaomhn\u00fa ar bheala\u00ed \u00e9ags\u00fala.<\/li>\n<li>\u00a0M\u00fach Bluetooth agus Wi-Fi mura bhfuil siad in \u00fas\u00e1id agat \u00cdsligh do ghile sc\u00e1ile\u00e1in<\/li>\n<li>Nuashonruithe uathoibr\u00edocha ar fheidhmchl\u00e1ir agus f\u00f3gra\u00ed neamhriachtanacha faoi fheidhmchl\u00e1ir a mh\u00fachadh.<\/li>\n<li>D\u00fan na feidhmchl\u00e1ir nach bhfuil in \u00fas\u00e1id agat.<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>\u00das\u00e1id d\u2019fheithicil mar fhoinse cumhachta<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>\u00a0T\u00e1 poirt USB n\u00f3 soic\u00e9id chumhachta ag go leor carranna comhaimseartha, \u00e1it ar f\u00e9idir gl\u00e9asanna a lucht\u00fa.<\/li>\n<li>D\u2019fh\u00e9adfadh soic\u00e9ad last\u00f3ra toit\u00edn\u00ed a bheith ag gluaiste\u00e1in n\u00edos sine agus is f\u00e9idir cuibheoir USB oiri\u00fanach a \u00fas\u00e1id leo sin.<\/li>\n<\/ul>\n<p>Ach tabhair aird ar \u00fas\u00e1id do chadhnra gluaiste\u00e1in n\u00f3 coinnigh an t-inneall ag rith chun draen\u00e1il ar an gcadhnra a chosc.<\/p>\n<p><strong>Chun teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh le seirbh\u00eds\u00ed \u00e9igeand\u00e1la<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>\u00a0M\u00e1 t\u00e1 do l\u00edonra m\u00f3ib\u00edleach as feidhm, beidh d\u2019fh\u00f3n in ann nascadh le haon l\u00edonra at\u00e1 ar f\u00e1il chun glao \u00e9igeand\u00e1la a dh\u00e9anamh.<\/li>\n<li>Ligeann roinnt f\u00f3in nua duit teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leis na seirbh\u00eds\u00ed \u00e9igeand\u00e1la tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as seirbh\u00eds th\u00e9acsbhunaithe tr\u00ed shatail\u00edt nuair nach bhfuil aon l\u00edonra m\u00f3ib\u00edleach ar f\u00e1il.<\/li>\n<li>M\u00e1 fheiceann t\u00fa \u2018Glaonna \u00c9igeand\u00e1la Amh\u00e1in\u2019 ar do sc\u00e1ile\u00e1n, is f\u00e9idir leat glaoch ar 112 n\u00f3 999 f\u00f3s.<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>C\u00e9ard is ceart a dh\u00e9anamh i ndiaidh drochaimsire<\/strong><br \/>\nSeice\u00e1il le do Shol\u00e1thra\u00ed Seirbh\u00edse chun nuashonruithe ar athch\u00f3iri\u00fa seirbh\u00edse a fh\u00e1il.<\/p>\n<p><strong>D\u00e9an aon fhadhb lean\u00fanach le do sheirbh\u00eds a thuairisci\u00fa<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>T\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach aon fhabht a thuairisci\u00fa do do shol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse.<\/li>\n<li>B\u00ed cinnte a insint d\u00f3ibh cad iad na riachtanais shonracha at\u00e1 agat n\u00f3 go bhfuil t\u00fa ag brath ar do sheirbh\u00eds, m\u00e1 t\u00e1 t\u00fa faoi mh\u00edchumas n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 t\u00fa leochaileach ar bhealach ar bith.<\/li>\n<li>M\u00e1 leanann briseadh seirbh\u00edse ar aghaidh ar feadh tr\u00e9imhse fhada, d\u00e9an teagmh\u00e1il le do shol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse chun socruithe malartacha a phl\u00e9. Mar shampla, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go mbeid\u00eds in ann seirbh\u00eds shealadach amhail leathanbhanda m\u00f3ib\u00edleach a shol\u00e1thar duit.<\/li>\n<li>D\u2019fh\u00e9adfadh <a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/comhairle-eolas\/gearan-a-dheanamh-le-do-solathrai\/foirm-iarratais-gearain-2\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">\u00e1r bhfoireann Ch\u00faraim Tomhalt\u00f3ir\u00ed<\/a> a bheith in ann cabhr\u00fa leat m\u00e1 t\u00e1 fadhb phr\u00e1inneach agat n\u00e1r r\u00e9itigh do shol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse.<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>Ais\u00edoca\u00edocht n\u00f3 creidmheas a iarraidh i leith caillteanas seirbh\u00edse<\/strong><\/p>\n<ul>\n<li>F\u00e9adfaidh sol\u00e1thraithe seirbh\u00edse ais\u00edoca\u00edocht n\u00f3 bille creidmheasa a eisi\u00faint mar ch\u00faiteamh as tr\u00e9imhse ama gan seirbh\u00eds.<\/li>\n<li>Molaimid do thomhalt\u00f3ir\u00ed teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh lena sol\u00e1thra\u00ed seirbh\u00edse maidir le bill\u00ed a \u00edoc i gc\u00e1s ina raibh bristeacha seirbh\u00edse ann.<\/li>\n<li>Seice\u00e1il t\u00e9arma\u00ed agus coinn\u00edollacha do chonartha le haghaidh aon eolais faoi chaillteanas seirbh\u00edse.<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>An bhfuil do ghuth\u00e1n agus do leathanbhanda r\u00e9idh don aimsir?<\/strong><br \/>\nCuirtear i <a href=\"https:\/\/www.youtube.com\/watch?v=-IRsSiWWtYA\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">dt\u00e1bhacht san fh\u00edse\u00e1n<\/a> gearr seo cuid de na c\u00e9imeanna praitici\u00fala is f\u00e9idir leat a ghlacadh chun do ghuth\u00e1n agus do leathanbhanda a ullmh\u00fa le haghaidh drochaimsire.<\/p>\n<p><strong>T\u00e1 tuilleadh eolais ar f\u00e1il maidir le stoirmeacha agus drochaimsir ag na naisc th\u00edos:<\/strong><br \/>\n<a href=\"https:\/\/www.gov.ie\/en\/department-of-defence\/campaigns\/emergency-planning\/?referer=https:\/\/www.emergencyplanning.ie\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">An Oifig um Plean\u00e1il \u00c9igeand\u00e1la<\/a><br \/>\n<a href=\"https:\/\/www.met.ie\/weather-warning-alerting-services\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">Seirbh\u00eds Rabhaidh Aimsire Met Eireann<\/a><br \/>\n<a href=\"https:\/\/powercheck.esbnetworks.ie\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">Mapa Bristeacha Seirbh\u00edse PowerCheck ESB Networks<\/a><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T\u00e1 L\u00edonra\u00ed agus Seirbh\u00eds\u00ed Cumars\u00e1ide Leictreona\u00ed (LCL agus SCL) r\u00edth\u00e1bhachtach do gheilleagar agus do shaol laeth\u00fail na h\u00c9ireann. Cabhra\u00edonn siad linn fanacht i dteagmh\u00e1il, na &hellip; <a href=\"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/stoirmeacha-agus-drochaimsir\/\"><\/a><\/p>\n","protected":false},"author":69,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":2,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"templates\/template-topic-pages-noanchors.php","meta":{"_acf_changed":false,"_relevanssi_hide_post":"","_relevanssi_hide_content":"","_relevanssi_pin_for_all":"","_relevanssi_pin_keywords":"","_relevanssi_unpin_keywords":"","_relevanssi_related_keywords":"","_relevanssi_related_include_ids":"","_relevanssi_related_exclude_ids":"","_relevanssi_related_no_append":"","_relevanssi_related_not_related":"","_relevanssi_related_posts":"","_relevanssi_noindex_reason":"","footnotes":"","_wp_rev_ctl_limit":""},"class_list":["post-138180","page","type-page","status-publish","hentry","page_category-consumer"],"acf":[],"aioseo_notices":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/138180","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/69"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=138180"}],"version-history":[{"count":3,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/138180\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":138192,"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/138180\/revisions\/138192"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.comreg.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=138180"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}