Stoirmeacha agus Drochaimsir

Tá Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí (LCL agus SCL) ríthábhachtach do gheilleagar agus do shaol laethúil na hÉireann. Cabhraíonn siad linn fanacht i dteagmháil, na meáin shóisialta a úsáid, ábhar ar líne a shruthú agus gnólachtaí a reáchtáil. Táimid ag brath ar na seirbhísí sin toisc gur dlúthchuid dár saol baile agus dár saol oibre araon iad.
Is féidir le stoirmeacha agus teagmhais adhaimsire tionchar suntasach a imirt ar sheirbhísí teileachumarsáide in Éirinn, rud a fhágann go mbíonn bristeacha seirbhíse agus cur isteach ar sheirbhísí.

D’fhéadfadh drochaimsir difear a dhéanamh do na líonraí gan sreang agus fosaithe ar bhealaí éagsúla:

  • Bíonn roinnt cáblaí faoi thalamh agus is féidir le tuilte damáiste a dhéanamh dóibh.
  • Is féidir línte copair agus snáithín atá ar crochadh ar adhmad nó ar chuaillí miotail a leagan le gaotha láidre, le crainn a thiteann nó le sneachta trom.
  • Tá roinnt trealaimh ar thalamh ard, áit a mbíonn sí gan chosaint ar aimsir chrua amhail gaoth, báisteach agus teochtaí reo.
  • Tá eilimintí leictreonacha gníomhacha ag caibinéid sráide le haghaidh líonraí teileafóin agus leathanbhanda agus is féidir le teas agus tuilte difear a dhéanamh dóibh.
  • Is féidir le bristeacha cumhachta leictreachais difear a dhéanamh do na líonraí.

Aontaíonn na saineolaithe go mbeidh teagmhais adhaimsire mar thoradh ar an athrú aeráide níos minice, agus gur dócha go ndéanfaidh sé sin difear d’aimsir na hÉireann sna blianta amach romhainn. Tiocfaidh méadú breise ar an tábhacht a bhaineann le líonraí cumarsáide athléimneacha de réir mar a bhraithimid níos mó agus níos mó ar an teicneolaíocht sin.

Réiteach do dhrochaimsir

Is féidir linn ar fad rudaí faoi leith a dhéanamh chun réiteach do dhrochaimsir. Is féidir lenár ngléasanna cumarsáide cabhrú linn fanacht sábháilte, fanacht ar an eolas agus a chur ar ár gcumas dúinn cabhair a fháil nuair is gá.

Réitigh do chuid gléasanna:
Do ghléas móibíleach, do tháibléad, do ríomhaire glúine agus aon ghléas a chumhachtaítear le cadhnra, déan cinnte go bhfuil sé plugáilte isteach sa phríomhlíonra agus luchtaithe roimh ré.

Coinnigh do ghléasanna cothrom le dáta. Tá an seans ann go bhfaighidh gléasanna ar féidir leo ceangal le níos mó ná cineál líonra amháin, mar shampla 2G, 3G, 4G agus 5G, seirbhís ar ais níos sciobtha thar éis bristeacha. Tá níos mó solúbthachta ag baint leo sin mar gheall go n-úsáideann siad cibé teicneolaíocht mhóibíleach atá ar fáil sa limistéar lena mbaineann.

Bain úsáid as banc cumhachta móibíleach:
Coinnigh luchtaithe go hiomlán é ionas gur féidir leat é a úsáid chun do ghléas móibíleach a luchtú má tá gearradh cumhachta ann. Smaoinigh ar bhanc cumhachta móibíleach grianchumhachtaithe mar fhoinse cumhachta eis-eangaí.

Cuir creidmheas ar do ghuthán móibíleach réamh-íoctha:
Má úsáideann tú fón ‘íoc-mar-a-úsáidtear’, déan cinnte go bhfuil dóthain creidmheasa agat chun fanacht i dteagmháil.

  • Is féidir leat do chreidmheas féin a bhreisiú – nó creidmheas duine eile – go cianda más gá.
  • Fiú mura bhfuil aon chreidmheas agat, is féidir leat glaoch ar sheirbhísí éigeandála, ó aon líonra (112 nó 999).

Úsáid paca cúltaca cadhnra
Is féidir le réiteach cúltaca cadhnra a chinntiú go bhfanfaidh roinnt gléasanna baile cumhachtaithe go sealadach le linn briseadh cumhachta i do theach.

Mura bhfuil cumhacht caillte ag an líonra leathanbhanda féin, is féidir le cúltaca cadhnra a chur ar do chumas duit do ródaire agus do mhóideim a chumhachtú go sealadach chun fanacht nasctha leis an idirlíon.

Má tá líne thalún VoIP (Prótacal Idirlín Guthaithe) agat, is teicneolaíocht í sin a chuireann ar do chumas duit glaonna a dhéanamh thar nasc idirlín, d’fhéadfadh an cúltaca cadhnra cabhrú leat glaonna a dhéanamh agus a fháil freisin. Is féidir na línte talún VoIP sin a aithint ar an gcaoi a bplugálann isteach i do mhóideim/ródaire seachas isteach go díreach i soicéad balla.

Tá gléasanna cúltaca cadhnra ar fáil ar an margadh faoi láthair ar féidir iad a cheannach, nó is féidir le do sholáthraí seirbhíse comhairle a chur ort.

Suiteáil painéil gréine chun cumhacht a sholáthar le linn briseadh
Is dócha go mbeidh go leor tithe ina bhfuil painéil ghréine agus cadhnra suiteáilte fós gan chumhacht má tá gearradh cumhachta ann. Is féidir le leictreoir deimhnithe lasc athraitheach a shuiteáil, rud a ligeann don chóras dícheangal go huathoibríoch ón bpríomheangach agus do theach a rith ar chumhacht gréine agus cadhnra amháin le linn briseadh cumhachta.

Is féidir leis sin gléasanna riachtanacha amhail d’fhón, Wi-Fi agus raidió a choinneáil cumhachtaithe le linn stoirme nó gearradh cumhachta. Agus an eangach a bheith as feidhm, is féidir le fuinneamh gréine agus/nó fuinneamh cadhnra stóráilte do gléasanna cumarsáide a choinneáil ar siúl, go dtí go n-athbhunófar cumhacht.

Cruthaigh teagmhálaí éigeandála agus Aitheantas Sláinte ar d’fhón póca

Cuir ICÉ (i gcás éigeandála) isteach agus cruthaigh Cárta Aitheantais Sláinte ar d’fhón cliste, áit a bhfuil sé ar fáil. Nó íoslódáil feidhmchlár a ligeann duit ceann a shocrú.

I do Chárta Aitheantais Sláinte tá do shonraí pearsanta, d’eolas sláinte agus do theagmhálaithe éigeandála agus is féidir an t-eolas sin a fheiceáil ó scáileán an ghlais. Cuidíonn sé sin le freagróirí éigeandála teagmháil a dhéanamh le duine atá gar duit agus do riachtanais sláinte a thuiscint.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar 112.ie — an suíomh oifigiúil maidir le cathain agus conas glaoch ar sheirbhísí éigeandála in Éirinn agus san Aontas.

Má tá tú bodhar, má tá lagú éisteachta ort nó má tá deacrachtaí cainte agat, is féidir leat an tSeirbhís Téacs Éigeandála nó an Téacs Fíor-ama (RTT) a úsáid chun glaoch ar na seirbhísí éigeandála.

Breac síos do chuid teagmhálaithe tábhachtacha
Is féidir le guthán cumhacht a chailliúint nó iad a féin a bheith caillte nó dochar a dhéanamh dó. Coinnigh cóip i scríbhinn de do phríomhuimhreacha teagmhála amhail teaghlaigh, cúramóirí agus comharsana. Cuir isteach uimhir sheirbhís do sholáthraí seirbhíse do chustaiméirí.

Úsáid raidió cadhnra-chumhachtaithe nó raidió lámhchrainne
Cuidíonn raidió AM/FM leat fanacht ar an eolas faoi rabhaidh aimsire, nuashonruithe agus comhairle sábháilteachta poiblí fiú má thiteann na líonraí móibíleacha. Smaoinigh ar roinnt cadhnraí spártha a choinneáil don raidió sin agus aon solas nó tóirse cadhnra-chumhachtaithe atá agat.

Cláraigh riachtanais d’úsáideoir leochaileach le do sholáthraí

  •  Tá clár custaiméirí atá faoi mhíchumas agus custaiméirí a bhfuil riachtanais bhreise acu ag soláthraithe seirbhíse ionas gur féidir leo tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh.
  • Más custaiméir níos sine thú a bhfuil riachtanais bhreise agat, d’fhéadfadh seirbhísí tacaíochta a bheith ag roinnt soláthraithe trí chainéal teagmhála tiomnaithe.

Céard is ceart a dhéanamh le linn drochaimsire
Nuair a thagann drochaimsir, bíonn sé níos tábhachtaí fós a bheith sábháilte agus nasc a bheith agat go fóill. Lean na leideanna seo chun do ghléas a chosaint, cumhacht a chaomhnú agus fanacht i dteagmháil.

Úsáid líonraí go críonna

  • Má bhíonn do líonra móibíleach as feidhm nó má bhíonn an clúdach lag
    • Ligeann glaonna Wi-Fi duit glaonna a dhéanamh agus a fháil agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh thar nasc Wi-Fi, in áit líonra móibíleach. Seiceáil socruithe d’fhóin chun glaoch Wi-Fi a chumasú má thacaíonn do sholáthraí leis sin.
    • Bain úsáid as feidhmchláir cosúil le WhatsApp, Messenger nó FaceTime. Is féidir leis na feidhmchláir seo cur ar do chumas glaonna a dhéanamh ag baint úsáide as do leathanbhanda baile.
  • Má bhíonn do leathanbhanda baile as feidhm nó mall
    • Cruthaigh pointe móibíleach: Is féidir leat d’fhón póca a úsáid chun a nasc idirlín móibíleach a roinnt le gléasanna eile. Trí úsáid a bhaint as do phlean sonraí móibíleacha atá ann cheana, oibríonn d’fhón ar nós do ródaire leathanbhanda baile, rud a chuireann ar do chumas nascadh le ríomhairí glúine, táibléid agus roinnt gléasanna baile cliste. Ach bí ar an eolas gur féidir leis do chadhnra móibíleach a dhraenáil.

Cosain do ghléasanna leictreonacha
Molaimid teorantóir borrtha a úsáid le haghaidh trealamh íogair amhail ródairí, móideimí agus fóin líne talún chun an riosca damáiste ó bhorradh cumhachta de bharr tintrí a laghdú. D’fhéadfadh an chomhairle sin a bheith bainteach maidir le leictreonaic íogair eile amhail ríomhairí, consóil cluichí agus teilifíseáin freisin.

Sábháil cadhnra d’fhóin póca
Coinnigh úsáid fóin chomh híseal agus is féidir chun go mairfidh do chadhnra chomh fada agus is féidir.

  • Cuidíonn mód ísealchumhachta, mód sonraí ísle, mód coigilteora cadhnra agus mód eitleáin le cumhacht cadhnra a chaomhnú ar bhealaí éagsúla.
  •  Múch Bluetooth agus Wi-Fi mura bhfuil siad in úsáid agat Ísligh do ghile scáileáin
  • Nuashonruithe uathoibríocha ar fheidhmchláir agus fógraí neamhriachtanacha faoi fheidhmchláir a mhúchadh.
  • Dún na feidhmchláir nach bhfuil in úsáid agat.

Úsáid d’fheithicil mar fhoinse cumhachta

  •  Tá poirt USB nó soicéid chumhachta ag go leor carranna comhaimseartha, áit ar féidir gléasanna a luchtú.
  • D’fhéadfadh soicéad lastóra toitíní a bheith ag gluaisteáin níos sine agus is féidir cuibheoir USB oiriúnach a úsáid leo sin.

Ach tabhair aird ar úsáid do chadhnra gluaisteáin nó coinnigh an t-inneall ag rith chun draenáil ar an gcadhnra a chosc.

Chun teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála

  •  Má tá do líonra móibíleach as feidhm, beidh d’fhón in ann nascadh le haon líonra atá ar fáil chun glao éigeandála a dhéanamh.
  • Ligeann roinnt fóin nua duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála trí úsáid a bhaint as seirbhís théacsbhunaithe trí shatailít nuair nach bhfuil aon líonra móibíleach ar fáil.
  • Má fheiceann tú ‘Glaonna Éigeandála Amháin’ ar do scáileán, is féidir leat glaoch ar 112 nó 999 fós.

Céard is ceart a dhéanamh i ndiaidh drochaimsire
Seiceáil le do Sholáthraí Seirbhíse chun nuashonruithe ar athchóiriú seirbhíse a fháil.

Déan aon fhadhb leanúnach le do sheirbhís a thuairisciú

  • Tá sé tábhachtach aon fhabht a thuairisciú do do sholáthraí seirbhíse.
  • Bí cinnte a insint dóibh cad iad na riachtanais shonracha atá agat nó go bhfuil tú ag brath ar do sheirbhís, má tá tú faoi mhíchumas nó má tá tú leochaileach ar bhealach ar bith.
  • Má leanann briseadh seirbhíse ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada, déan teagmháil le do sholáthraí seirbhíse chun socruithe malartacha a phlé. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeidís in ann seirbhís shealadach amhail leathanbhanda móibíleach a sholáthar duit.
  • D’fhéadfadh ár bhfoireann Chúraim Tomhaltóirí a bheith in ann cabhrú leat má tá fadhb phráinneach agat nár réitigh do sholáthraí seirbhíse.

Aisíocaíocht nó creidmheas a iarraidh i leith caillteanas seirbhíse

  • Féadfaidh soláthraithe seirbhíse aisíocaíocht nó bille creidmheasa a eisiúint mar chúiteamh as tréimhse ama gan seirbhís.
  • Molaimid do thomhaltóirí teagmháil a dhéanamh lena soláthraí seirbhíse maidir le billí a íoc i gcás ina raibh bristeacha seirbhíse ann.
  • Seiceáil téarmaí agus coinníollacha do chonartha le haghaidh aon eolais faoi chaillteanas seirbhíse.

An bhfuil do ghuthán agus do leathanbhanda réidh don aimsir?
Cuirtear i dtábhacht san fhíseán gearr seo cuid de na céimeanna praiticiúla is féidir leat a ghlacadh chun do ghuthán agus do leathanbhanda a ullmhú le haghaidh drochaimsire.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le stoirmeacha agus drochaimsir ag na naisc thíos:
An Oifig um Pleanáil Éigeandála
Seirbhís Rabhaidh Aimsire Met Eireann
Mapa Bristeacha Seirbhíse PowerCheck ESB Networks