Rabhadh Sábháilteachta um Thriomadóir Rothlaim: Baol ó Thine

tumble dryer

Tá baol ó thine ann a d’fhéadfadh tarlú nuair nach ndéantar triomadóirí rothlaim a chothabháil ná a úsáid i gceart. Tá ComReg ag iarraidh feasacht a ardú mar chuid dá ról mar Údarás um Fhaireachas Margaidh faoin Treoir maidir le Trealamh Raidió chun sláinte agus sábháilteacht daoine, ainmhithe clóis agus maoine a chosaint

Molann ComReg duit an chomhairle thíos a leanúint chun a chinntiú go bhfuil do thriomadóir rothlaim in úsáid go sábháilte agat:

  1. Cláraigh fearas nua i gcónaí leis an monaróir ionas go bhfaighidh tú eolas cothrom le dáta faoi aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le guais sábháilteachta. De ghnáth is féidir leat do chuid eolais teagmhála a chlárú leis an siopa ina gceannaíonn tú an táirge.
  2. Cinntigh go léann tú gach eolas agus rabhadh sábháilteachta atá sa lámhleabhar treoracha sula n-úsáideann tú an meaisín den chéad uair.
  3. Ba chóir líonolann agus clúmhach a ghlanadh amach as an scagaire agus thart timpeall an dorais tar éis gach úsáide.
  4. Bí ag faire amach do shnáithín, do dheannach, agus do shalachar ag carnadh timpeall ar an mbealach amach sceite agus ar na háiteanna mórthimpeall, agus glan na háiteanna seo go minic.
  5. Ná triail rudaí nach bhfuil nite a rothaltriomú, ar nós éadaí báite, mar gurbh fhéidir gur tháinig na héadaí seo i dteagmháil le ceimiceáin sho-lasta.
  6. Ná cuir stop leis an triomadóir rothlaim sula mbeidh an timthriall triomaithe críochnaithe, lena n-áirítear an timthriall ‘fuaraithe’. Más gá duit cur isteach ar an timthriall triomaithe, bain amach gach rud gan mhoill agus fág an doras ar oscailt chun ligean don fhearas fuarú.
  7. Nuair is féidir, díphlugáil an fearas thar oíche agus nuair a fhágann tú an teach chun an baol go mbeadh locht leictreach ina chúis le tine a sheachaint.
  8. Ná lig do leanaí an fearas a oibriú riamh.
  9. Cinntigh go bhfuil an fearas suite in áit ina bhfuil aeráil leordhóthanach, agus ná cuir triomadóir rothlaim riamh ar urlár atá clúdaithe le cairpéad. Cabhróidh an méid sin le cosc a chur ar róthéamh.
  10. Ná húsáid cáblaí sínteacha, cuibheoirí, nó il-phlocóidí riamh chun d’fhearas a nascadh le soláthar cumhachta, mar go méadaíonn sé sin an baol féideartha le haghaidh turraing leictreach agus tine.