Home / Nuacht / Idirnáisiúnta / BEREC: an 4 fóram do Pháirtithe Leasmhara – An nascacht agus an nuálaíocht san Eoraip a fheabhsú

Please enter your email address below. If there are particular publication types or categories that you want to receive alerts for, please select them from the lists. If you do not select anything you will receive alerts for all publications.

Hold CTRL to select more than one

BEREC: an 4 fóram do Pháirtithe Leasmhara – An nascacht agus an nuálaíocht san Eoraip a fheabhsú

Déanfaidh Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) an ceathrú fóram dá chuid do Pháirtithe Leasmhara a reáchtáil sa Bhruiséil ar 17 Deireadh Fómhair. Ócáid mhór san earnáil teileachumarsáide atá ann, agus díreofar i mbliana ar chlár oibre BEREC do 2017 agus ar an athbhreithniú leanúnach ar an gcreat rialála le haghaidh na cumarsáide leictreonaí. Sa chomhthéacs seo, déanfar dhá shaincheist mhóra ar leith a phlé ag an bhfóram: nascacht a sholáthar do gach saoránach Eorpach, agus forbairt an gheilleagair dhigitigh a éascú. Meastar go mbeidh thart ar 220 rannpháirtí ag freastal ar an bhfóram agus ag idirghníomhú leis na cainteoirí, lena n-áirítear go leor oibreoirí ó shaol na teileachumarsáide agus ón saol digiteach.

Beidh an t-imeacht oscailte don phobal agus beidh sé á chraoladh beo ar líne ar chuntas YouTube BEREC. Is féidir le gach duine tuairimí a léiriú nó ceisteanna a chur ar na cainteoirí go díreach ar Twitter ach leas a bhaint as #BERECforum.
Nasc chuig an gclár oibre: http://berec.europa.eu/eng/events/berec_events_2016/124-4th- berec-stakeholder-forum-meeting

Nasc chuig an ráiteas nuachta: http://www.comreg.ie/publication/berec-4-foram-phairtithe-leasmhara-nascacht-agus-nualaiocht-san-eoraip-fheabhsu/

Related News