Seans go mbeidh ceisteanna agat faoi do ghuthán póca a úsáid má tá sé ar intinn agat taisteal laistigh den AE (chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua). Anseo tá treoir iomlán againn maidir le polasaithe agus rialacháin a bhaineann le do ghuthán póca a úsáid agus tú ag taisteal laistigh de na tíortha seo.
Ghlac an AE le ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ in 2017 agus sonraítear ann, is cuma cá háit laistigh den AE a bhfuil tú ag taisteal, (agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua) go ngearrfar na costais chéanna ort agus a ghearrfaí sa bhaile gan táillí fánaíochta breise a íoc.
Tagraíonn an polasaí seo do ghlaonna, do théacsanna, agus d’úsáid sonraí. Gearrfar rátaí baile ar gach ceann díobh seo – an praghas céanna is a ghearrtar ar ghlaonna, téacsanna agus sonraí agus tú in Éirinn.
Ní ghearrfar, tá feidhm ag an riail chéanna freisin maidir le haon ghlaonna nó teachtaireachtaí téacs a fhaigheann tú agus tú thar lear – ní ghearrtar táille bhreise ort chun glaonna nó téacsanna a fháil agus tú ag fánaíocht, fiú má tá soláthróir seirbhíse eile in úsáid ag an té atá ag glaoch ort.
An Ostair | An Ghearmáin | An Iorua |
An Bheilg | An Ghréig | An Pholainn |
An Bhulgáir | An Ungáir | An Phortaingéil |
An Chróit | An Íoslainn | An Rómáin |
An tSeicia | An Iodáil | An tSlóvaic |
An Chipir | An Laitvia | An tSlóivéin |
An Danmhairg | Lichtinstéin | An Spáinn |
An Eastóin | An Liotuáin | An tSualainn |
An Fhionlainn | Lucsamburg | An Ísiltír |
An Fhrainc | Málta |
Ó bhí an Bhreatimeacht ann, níl an Ríocht Aontaithe clúdaithe ag an bpolasaí ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a thuilleadh. Tá tuilleadh eolais faoi seo agus faoi úsáid do ghutháin phóca i dtíortha lasmuigh den AE le fáil ar ár leathanach ar fhánaíocht lasmuigh den AE. .
Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas nach bhfuil aon dualgas ar líonraí an Ríocht Aontaithe, Monacó, Andóra agus an Eilvéis a chuimsiú ina dtíortha ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’. Má tá tú ag taisteal go dtí ceann de na tíortha seo, ba cheart duit seiceáil lena soláthróir seirbhíse.
B’fhéidir go mbeidh tú in ann cuid de do liúntas sonraí, nó é ar fad, a úsáid agus tú ag fánaíocht laistigh den AE. Braitheann an teorainn ar an gcineál conartha atá agat agus ar pholasaí do sholáthraí guthán póca.
Áireoidh go leor soláthróirí ‘teorainn úsáid chóir’ a chuireann teorainn áirithe ar úsáid sonraí sula ngearrfar táillí breise. Mar shampla, agus tú in Éirinn tá rochtain agat ar liúntas sonraí gan teorainn, ach agus tú ag taisteal laistigh den AE cuirfear teorainn idir 20 agus 30GB ar a mhéad ag brath ar do phlean.
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an teorainn seo, molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar na téarmaí agus coinníollacha i do chuachadh nó do chonradh sula dtaistealaíonn tú.
Nuair a sháraíonn tú an teorainn féadfaidh do sholáthraí formhuirir a ghearradh nach féidir a bheith níos airde ná:
*Tabhair faoi deara go bhfuil na táillí seo faoi réir athrú bliantúil.
Ba cheart don soláthróir guthán póca a chur in iúl duit freisin nuair a bheidh €61.50 (CBL san áireamh) caite agat agus ansin arís nuair a d’úsáid tú €123.00 (CBL san áireamh) i dtréimhse bhilleála mhíosúil.
Ní mór go léireodh an fógra an nós imeachta ba cheart duit a leanúint más mian leat leanúint ar aghaidh ag úsáid seirbhísí fánaíochta. Is féidir leat tarraingt siar agus filleadh ar an scoith-theorainn, mar a thugtar uirthi, trí do sholáthraí guthán póca a chur ar an eolas.
Cuirfear. Nuair a shroicheann tú do cheann scríbe soláthróidh do sholáthraí guthán póca faisnéis bhunphraghais trí rabhadh (i bhfoirm teachtaireachta téacs de ghnáth) nuair a nascann tú le líonra áitiúil.
Áireofar leis sin táillí agus aon teorainn ‘úsáid chóir’ sonraí a fhéadfaidh an soláthróir móibíleach a chur i bhfeidhm chomh maith le heolas faoi sheirbhísí éigeandála.
Leathnaíonn ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ cáilíocht na seirbhíse móibílí chomh maith, mar sin ba cheart go mbeadh an taithí fánaíochta chéanna agat agus a bheadh agat sa bhaile.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh custaiméir fánaíochta atá in ann seirbhísí 5G a úsáid sa bhaile amhlaidh a dhéanamh le soláthróirí seirbhísí fánaíochta nuair a bhíonn sé seo ar fáil. I gcásanna áirithe, ní bheidh sé seo indéanta mura bhfuil an líonra áitiúil chomh maith céanna leis an gceann a úsáideann tú sa bhaile.
Mar sin féin, ba cheart go ndéanfadh do sholáthróir guthán póca a dhícheall an caighdeán céanna seirbhíse a thairiscint nuair is féidir agus tú a chur ar an eolas faoi cén chaoi a bhféadfadh an tseirbhís fánaíochta a bheith éagsúil leis an tseirbhís a úsáideann tú sa bhaile.
Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo ar fáil i do chonradh agus ar fáil go poiblí (mar shampla, ar shuíomh gréasáin do sholáthraí guthán póca).
Fógra Fáilte 1 | Nuair a shroicheann tú do cheann scríbe san AE Ba cheart go leagfaí amach sa teachtaireacht fáilte ó do sholáthraí guthán póca na costais a bheidh i bhfeidhm agus tú ag fánaíocht, lena n-áirítear aon táillí breise as do ghuthán a úsáid lasmuigh de do ghnáthliúntais plean baile. Sonróidh sé freisin an méid sonraí is féidir leat a úsáid gan aon rud breise a íoc. Ba cheart go gcuimseodh an fógra seo freisin: uimhir ghutháin gan chostas do do sholáthraí guthán póca agus uimhir na seirbhísí éigeandála sa tír ina bhfuil tú. |
Rabhadh Caithimh, Fógra 2 | Nuair a bheidh do liúntas sonraí ídithe agat Gheobhaidh tú fógra go huathoibríoch ag insint duit cé mhéad níos mó a bheidh ort a íoc má leanann tú ag úsáid seirbhísí sonraí. Iarrfar ort ansin a dhearbhú an mian leat leanúint ar aghaidh le fánaíocht sonraí. |
Radhadh Caithimh, Fógra 3 | Nuair a bheidh 80% de do theorainn fánaíochta sonraí sroichte agat, réamhshocraithe ag €61.50 (CBL san áireamh) Má roghnaíonn tú leanúint ar aghaidh ag fánaíocht tar éis duit do liúntas fánaíochta sonraí a úsáid, gheobhaidh tú rabhadh nuair a bheidh 80% de do theorainn fánaíochta sonraí sroichte agat, atá réamhshocraithe ag €61.50 (CBL san áireamh). Tá sé seo bunaithe ar thréimhse bhilleála mhíosúil. |
Rabhadh Caithimh, Fógra 4 | Nuair a bheidh 100% de do theorainn fánaíochta sonraí caite agat, réamhshocrú ag €61.50 (CBL san áireamh) Má roghnaíonn tú leanúint ar aghaidh ag fánaíocht tar éis duit do liúntas fánaíochta sonraí a úsáid, gheobhaidh tú rabhadh nuair a bheidh 100% de do theorainn fánaíochta sonraí caite agat, atá réamhshocraithe ag €61.50 (CBL san áireamh). Tá sé seo bunaithe ar thréimhse bhilleála mhíosúil. Stopfaidh do sholáthraí guthán póca d’úsáid sonraí ag an teorainn caiteachais fánaíochta sonraí seo ach amháin má roghnaíonn tú leanúint ar aghaidh ag íoc as sonraí, go hiondúil trí theachtaireacht téacs a sheoladh mar atá léirithe ar an rabhadh. |
Rabhadh Caithimh, Fógra 5 | Nuair a bheidh níos mó ná €123.00 (CBL san áireamh) caite agat i dtréimhse bhilleála mhíosúil Má roghnaíonn tú leanúint ar aghaidh ag fánaíocht tar éis do theorainn caiteachais fánaíochta sonraí a bhaint amach, gheobhaidh tú rabhadh eile nuair a bheidh €123.00 sroichte agat (CBL san áireamh). Tá sé seo bunaithe ar thréimhse bhilleála mhíosúil. |
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.