ComReg agus An Ghaeilge

Tagann ComReg faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (An tAcht). Leagann an tAcht dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí ainmnithe i dtrí bhealach éagsúla: Rialacháin, Dualgais Dhíreacha agus Scéim Teanga. Déanann ComReg gach iarracht na dualgais seo ar fad a chomhlíonadh. Gheobhaidh tú thíos eolas ar na seirbhisí atá ar fáil, agus a bheidh ar fáil idir seo agus deireadh na Scéime Teanga ComReg 2020-2023.

Seirbhísí

Díríonn ár gcuid gníomhaíochtaí ar úsáideoirí seirbhísí chumarsáide leictreonaí agus poist i gcúrsaí gnó, sa bhaile agus ar sholáthróirí na seribhísí úd. Cuireann ComReg seirbhís i nGaeilge ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge. Chomh maith le sin, cuireann ComReg na dualgais ar fad a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm tríd ár Scéim Teanga agus tríd ár mbaill foirne – iad siúd a bhfuil Gaeilge acu agus nach bhfuil.

Seirbhísí Tomhaltóra: Is feidir glaoch a chur ar 01 804 9668 nó ríomhphost a chur chuig consumerline@comreg.ie chun teacht ar sheirbhís i nGaeilge.

Seirbhísí Tionscálaíochta: Is féidir glaoch a chur ar 01 804 9797 nó businessconsumers@comreg.ie chun teacht ar sheirbhís i nGaeilge.

 

Scéim Teanga ComReg 2020-2023

Aontaíodh Scéim Teanga ComReg ar an 21 Nollaig 2020. Is gealltanais chuimsitheacha iad gealltanais ComReg faoin scéim. Ina measc, tá an phríomhnascleanúint, an nascleanúint thánaisteach agus an nascleanúint threasach ar fáíl i nGaeilge ar an suíomh. Cuirfear níos mó ábhar ar fáil go dátheangach ar an suíomh le linn scéime, ag díriú go príomha ar sheirbhisí tomhaltóra. Eiseofar céatadán airithe de phreas ráiteas ComReg go dátheangach le linn na scéime. Táthar ag súil leis an gcéatadán seo a ardú sna scéimeanna a bheidh ann amach anseo, ag braith ar acmhannaí. Fanfaidh an scéim í i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bhliana, nó go dtí go bhfuil scéim nua deimhnithe, cibé is déanaí.

Cuirfear níos mó tvúiteanna amach i nGaeilge ar chuntas Twitter ComReg.

Má tá ceist ar bith agat maidir leis an nGaeilge agus ComReg is féidir teagmháil a dhéanamh le gaeilge@comreg.ie, is mór againn aon aiseolas.

An Coimisinéir Teanga

Is é an Coimisinéir Teanga atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht. Is féidir leat teagmháil díreach a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga.