Cé go bhféadfadh go leor tosca a bheith ina gcúis le fadhbanna seirbhíse leathanbhanda, mar shampla drochaimsir, deisiú línte agus cothabháil, tá roinnt cúiseanna féideartha laistigh dár dtithe freisin.
Má tá luasanna malla idirlín agat, ba chóir duit smaoineamh ar na rudaí seo a leanas.
Beidh nasc cábla níos iontaofa i gcónaí agus de ghnáth beidh sé níos tapúla.
Dá fhad a théann tú ón ródaire, nó dá mhéad baic ar nós ballaí a bhíonn idir do ghléas agus an ródaire, is ea is laige a bheidh do chomhartha. Ar an ábhar sin, is fearr an ródaire a chur in áit lárnach, áit ar dócha go gclúdóidh sé formhór an tí. Dá fhad a théann tú ó do ródaire, is ea is moille na luasanna a gheobhaidh tú, mar aon le nasc nach bhfuil chomh hiontaofa céanna.
Dá mhéad gléasanna atá nasctha, is mó an seans go mbeidh an iomarca acu gníomhach ag baint úsáid as bandaleithead idirlín ag an am céanna. D’fhéadfadh luasanna níos moille a bheith mar thoradh air seo agus do líne ag streachailt le freastal ar an éileamh. Baineann sé seo go háirithe le físeán a shruthú nó a íoslódáil, rud atá an-éilitheach ó thaobh úsáid líonra de.
Má tá fadhb le do leathanbhanda, ba chóir duit nascadh le do ródaire ag baint úsáid as cábla líonra agus déan seiceáil ar luas atá á bhaint amach agat. Cuir an luas seo i gcomparáid le sonraí an phacáiste a bhfuil tú ag íoc as.
Is iad buaicluasanna leathanbhanda na luasanna is dócha a gheobhaidh tú nuair a bheidh úsáid idirlín ag an leibhéal is airde. Féadfaidh sé a bheith i bhfad níos moille ná amanna níos ciúine i rith an lae. .
Anois go bhfuil a fhios againn na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le roinnt fadhbanna idirlín, is féidir linn scrúdú a dhéanamh ar an méid is féidir linn a dhéanamh chun a fheidhmíocht a fheabhsú.
Is dócha go mbainfear amach na naisc is cobhsaí le nasc sreangaithe. Chiallódh sé seo ríomhaire nó ríomhaire glúine (mar shampla) a nascadh go díreach le ródaire trí chábla Ethernet.
Beidh tionchar mór ag suíomh do ródaire ar an áit ina mbeidh an nasc idirlín is fearr i do theach. Má tá sé i seomra thuas staighre, mar shampla, b’fhéidir nach sroichfidh a comhartha seomra i gcúinne eile an tí. Smaoinigh ar é a aistriú go dtí áit níos lárnaí.
Feabhsaíonn sínitheoirí raoin Wi-Fi raon do chomhartha Wi-Fi. Ciallaíonn sé seo, is cuma cá bhfuil tú i do theach, gur cheart go mbeadh nasc láidir cobhsaí agat.
D’fhéadfadh gléas mall a bheith mar thoradh ar bhogearraí atá as dáta a rith. Bí cinnte na nuashonruithe is déanaí a íoslódáil agus a shuiteáil chun gléasanna a choinneáil ag feidhmiú chomh tapa agus is féidir. Is ionann an scéal maidir leis an leagan is déanaí d’fheidhmchláir.
Nuair a bheidh siad á mbunú ar dtús, roghnóidh go leor ródairí cainéal Wi-Fi go huathoibríoch chun oibriú air. Is féidir go bhféadfadh líonra Wi-Fi eile in aice láimhe an cainéal seo a úsáid cheana féin, agus sa chás sin d’fhéadfadh luasanna leathanbhanda níos fearr a bheith mar thoradh ar chainéal eile, agus b’fhiú triail a bhaint as chun teacht ar céard a oibríonn is fearr i do theach.
Cé go bhféadfadh gléas níos sine fós cuid mhór dá fheidhmiúlacht a choinneáil, b’fhéidir go mbraitheann sé mall le húsáid, de ghnáth toisc go mbíonn deacrachtaí ag crua-earraí níos sine bogearraí a cuireadh ar an margadh le déanaí a rith. Smaoinigh ar do ghléas a uasghrádú má bhraitheann tú nach gcomhlíonann sé do chuid éileamh a thuilleadh.
Má tá roinnt gléasanna nasctha le d’idirlíon d’fhéadfadh go mbeadh luasanna malla mar thoradh ar na héilimh a chuirtear ar an nasc. Is minic go mbíonn níos mó gléasanna againn nasctha leis an idirlíon ná mar a thuigimid. D’fhéadfadh ríomhairí glúine, fóin, táibléid, teilifíseáin, cloigíní cliste dorais, córais slándála, gléasanna cliste tí, gléasanna cliste, agus go leor eile a bheith i gceist leis seo.
Ní gá go mbeadh an pacáiste céanna ag teastáil uathu siúd nach n-oibríonn as baile agus nach n-úsáideann ach a leathanbhanda ó am go chéile agus a theastódh ó roinnt daoine san áit chéanna, le go leor gléasanna nasctha.
Dóibh siúd ag a bhfuil conradh faoi láthair, tá tú i dteideal an Chomhairle Taraife is Fearr ó do sholáthróir reatha leathanbhanda. Tá tú i dteideal an Fhaisnéis Taraife is Fearr a fháil uair sa bhliain agus an Chomhairle Taraife is Fearr ag deireadh do chonartha Ba chóir go soláthródh sé seo eolas duit ar d’úsáid leathanbhanda san am a chuaigh thart chomh maith le moladh faoi na pleananna is fearr a oireann do do chuid riachtanas
Cinntíonn sé go bhfuil tú níos eolaí chun an tseirbhís a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas a roghnú. Féach an rannán conartha le haghaidh tuilleadh eolais.
Activity | Minimum broadband speed needed |
Brabhsáil ar líne | 1 Mbps (íoslódáil) |
Fís-sruthú HD | 5 Mbps (íoslódáil) |
Fís-sruthú ultra-ardghléine | 30 Mbps (íoslódáil) |
Prótacal Idirlín Guthaithe | 0.25 Mbps (íoslódáil and uaslódáil) |
Cluichíocht fíor-ama ar líne | 0.25 Mbps (íoslódáil) and 0.5 Mbps (uaslódáil) |
Físghlaonna | 1 Mbps (íoslódáíl and uaslódáil) |
Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar ár bhfaisnéis leathanbhanda faoi na cineálacha leathanbhanda go léir atá ar fáil in Éirinn. .
Is dócha go mbeidh na naisc leathanbhanda is tapúla agus is iontaofa ag teastáil uathu siúd a bhíonn ag cluichíocht ar líne nó ag sruthú físeán. Seans go bhfreastalódh pacáiste níos saoire orthu siúd a bhíonn ag brabhsáil nó a dhéanann scannán nó sraith theilifíse a shruthú anois is arís.
Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh na héilimh leathanbhanda chéanna ag teaghlaigh a bhfuil roinnt úsáideoirí gníomhacha idirlín acu agus go leor gléasanna nasctha leo siúd a chónaíonn ina n-aonar.
Error: Contact form not found.
Error: Contact form not found.