An Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch

Comhéadan Luchtaithe Comhchoiteann

Is reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh é an CCD a thug ceanglais chomhcoiteanna isteach maidir le luchtú le haghaidh gléasanna leictreonacha iniompartha áirithe do thomhaltóirí.
Baineann na ceanglais maidir le ‘luchtú comhchoiteann‘ le gach fón póca láimhe, táibléad, ceamara digiteach, cluasán, gléas cinn, callaire iniompartha, consól físchluiche láimhe, ríomhléitheoir, cluaisín, méarchlár, luchóg, agus córas nascleanúna iniompartha ón 28 Nollaig 2024 i leith. Baineann na ceanglais sin le ríomhairí glúine freisin ón 28 Aibreán 2026.
Ní mór do ghléasanna atá faoi raon feidhme an CCD agus a luchtaítear le luchtaire sreangaithe port luchtaithe USB-C a úsáid. Cuireann sé sin ar chumas tomhaltóirí a gcuid gléasanna a luchtú le haon luchtaire USB-C, beag beann ar bhranda an ghléis.

Tugadh an CCD isteach chun luchtú gléasanna leictreonacha a dhéanamh níos simplí, chun dramhaíl neamhriachtanach a laghdú, agus chun faisnéis faoi luchtú a dhéanamh níos soiléire do thomhaltóirí.
Tá sé mar aidhm aige é sin a dhéanamh trí:

  • USB-C a chur mar an port luchtaithe comónta do na gléasanna ábhartha;
  • Cabhrú le tomhaltóirí luchtairí comhoiriúnacha a athúsáid le haghaidh gléasanna éagsúla;
  • An gá atá le luchtaire nua a cheannach le gach gléas nua a cheannaítear a laghdú; agus
  • É a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí a thuiscint an bhfuil luchtaire curtha san áireamh leis an táirge.

Lipéadú agus Eolas faoi Luchtú

Ag brath ar cé acu a chuirtear ar an margadh le gléas nó gan é, ní mór ceann amháin den dá phicteagram seo a leanas (a bhfuil toisí 12.8mm faoi 9.3mm ar a laghad acu) a bheith le feiceáil ar an bpacáistiú.

Caithfear an picteagram a léiriú go feiceálach agus go hinléite. I gcás ciandíola, ní mór é a léiriú gar don phraghas (tá íomhánna ardtaifigh ar fáil ag: Luchtaire Uilíoch an AE).

Ina theannta sin, ní mór do threalamh raidió ar féidir é a luchtú trí ghléas luchtaithe sreangaithe ag voltais os cionn 5 volta, ag sruthanna os cionn 3 aimpéar nó ag cumhacht os cionn 15 vata:

  • Teicneolaíocht seachadta cumhachta USB a ionchorprú, a bhfuil cur síos déanta air in EN IEC 62680-1-2:2022, agus;
  • A chinntiú go gceadaíonn aon phrótacal luchtaithe breise feidhmiúlacht iomlán an tsoláthair chumhachta USB, beag beann ar an ngléas luchtaithe atá in úsáid

Eolas d‘Oibritheoirí Eacnamaíocha

Ní mór faisnéis maidir le sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtaithe trealaimh raidió agus le gléasanna luchtaithe comhoiriúnacha a bheith le feiceáil sna treoracha agus ar an bpacáistiú i bhfoirm an lipéid seo a leanas (a bhfuil toisí 12.8mm faoi 9.3mm ar a laghad aige):

  • XX: íoschumhacht [W] de dhíth chun an córas a athluchtú
  • YY: cumhacht riachtanach [W] chun an lucht luchtaithe uasta a bhaint amach

Caithfidh an téacs seo a leanas a bheith le feiceáil sna treoracha: “Caithfidh an chumhacht a sholáthraíonn an luchtaire a bheith idir an t-íosmhéid [xx] Vata atá ag teastáil ón trealamh raidió agus an t-uasmhéid [yy] Vata chun an Luas luchtaithe uasta a bhaint amach”

Léirítear an giorrúchán USB PD má tá an tsuiteáil comhoiriúnach leis an bprótacal sin.

Tá an lipéid clóite sna treoracha agus ar an bpacáistiú. Mura bhfuil pacáistiú ann, ní mór an lipéad a ghreamú ar an trealamh raidió sa chaoi is go mbeidh sé le feiceáil agus inléite. Mura gceadaíonn méid nó nádúr an trealaimh raidió é sin a dhéanamh, féadfar an lipéad a phriontáil mar dhoiciméad ar leith a ghabhann leis an trealamh raidió. I gcás ciandíola, greamaítear an lipéad gar don léiriú praghais.

Tá a thuilleadh sonraí ar fáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Sampla de chóras atá ar díol i siopa agus atá feistithe le luchtú tapa PD, gan luchtaire:


Sampla de chóras atá ar díol ar líne agus atá feistithe le luchtú tapa PD, ach nach bhfuil luchtaire ag gabháil leis:

Acmhainní Breise CCD

Chun a thuilleadh eolais a fháil faoin Treoir maidir leis an Luchtaire Comhchoiteann, féach na naisc thíos: