Home / Nuacht / Nuacht Tionsclaíochta / Foilsíonn ComReg an Plean Minicíochta Raidió d’Éireann.

Please enter your email address below. If there are particular publication types or categories that you want to receive alerts for, please select them from the lists. If you do not select anything you will receive alerts for all publications.

Hold CTRL to select more than one

Foilsíonn ComReg an Plean Minicíochta Raidió d’Éireann.

Tá an t-ochtú heagrán den Phlean Minicíochta Raidió foilsithe ag ComReg.

Is acmhainn náisiúnta luachmhar teoranta ach riachtanach í Speictream Minicíochta Raidió (“Speictream”) a chuireann €4.6 billiún le holltáirgeacht intíre (OTI) na hÉireann. Tá ComReg freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar na riachtanais chasta speictrim, riachtanais atá ag dul i ndeacracht, chun tacú le príomhthionscail agus príomhgheallsealbhóirí.

Tá méadú suntasach tagtha ar an méid sonraí atá in úsáid ó tháinig fóin chliste ar an saol, méadú atá níos airde ná 500% ó 2012 , rud atá eascaithe ag feabhsuithe i gcur i bhfeidhm na ngreásán nua 3G agus 4G. Is cuid ríthábhachtach í úsáid gléasanna gan sreang, ar nós fón cliste agus táibléad, in éascú a dhéanamh ar rochtain leathanbhanda gan sreang ar an idirlíon chun riachtanais go leor úsáideoirí a shásamh.

Is féidir teacht ar an bPlean Minicíochta Raidió i rannóg na bhFoilseachán.

Related News

Latest News