Is sinne an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).
Is iad ár sonraí teagmhála ná: An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, 1 Lárcheantar na nDugaí, Sráid na nGildeanna, Baile Átha Cliath 1, D01 E4X0; teileafón: 018049668 nó consumerline@comreg.ie (i gcomhair ceisteanna a bhaineann le tomhaltóirí) nó 018049600 nó industry@comreg.ie (i gcomhair ceisteanna a bhaineann le tionsclaíocht) nó misuse@comreg.ie (chun mí-úsáid uimhreacha a thuairisciú). Féadann tú dul i dteagmháil linn chomh maith ag baint leasa duit as an bhfoirm Ceisteanna & Gearáin atá le fáil ar ár suíomh idirlín ag www.comreg.ie.
Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) an comhlacht stáit atá freagrach as rialú na hearnála cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáide, radachumarsáid, tarchur craolacháin agus seirbhísí ardráta) agus an earnáil poist in Éirinn. Áirítear air seo feidhm maidir le ceadúnú úsáid an speictrim raidió in Éirinn.
Tá raon leathan feidhmeanna agus cuspóirí againn sa teileachumarsáid (nó i seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí chun ainm níos cruinne a thabhairt air), agus i mbainistíocht poist agus speictrim. Oibrímid faoi reachtaíocht Éireannach agus Eorpach sna réimsí seo.
Táimid freagrach as éascú le hiomaíocht, as tomhaltóirí a chosaint agus as nuálaíocht a spreagadh. Baineann sé lenár ról déileáil le ceisteanna casta dlí, eacnamaíochta agus teicneolaíochta, agus a chinntiú go ndéanaimid ár gcinntí go cóir agus go mínítear go soiléir iad.
Tá tuilleadh eolais faoinár bhfeidhmeanna agus ár seirbhísí le fáil ar ár suíomh idirlín ag www.comreg.ie.
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag ComReg chun comhlíonadh na rialacha cosanta sonraí againn a mhaoirsiú. Tá tuilleadh eolais faoinár nOifigeach Cosanta Sonraí, sonraí teagmhála san áireamh, le fáil anseo.
Bailíonn ComReg sonraí pearsanta (eolas pearsanta) faoi dhaoine aonair a dhéanann teagmháil linn, agus úsáideann sé iad chun críocha éagsúla. I dtosca in mbímid freagrach as a chinneadh cén chaoi a gcoimeádfaimid agus a n-úsáidfimid sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair, is “rialaitheoir sonraí” muid.
Leagtar amach sa bhFógra Príobháideachais seo céard iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a úsáidimid faoi dhaoine aonair i ndáil le seirbhísí agus feidhmeanna ComReg, cén áit a bhfaighimid na sonraí pearsanta, céard a dhéanaimid leis na sonraí pearsanta sin, cén chaoi a gcomhlíonaimid reachtaíocht cosanta sonraí, cé a fhaigheann sonraí pearsanta uainn agus cén chaoi a gcaithimid le cearta daoine aonair maidir lena sonraí pearsanta. Áirítear sa bhFógra Príobháideachais seo eolas faoi na sonraí pearsanta a bhailímid agus a úsáidimid faoi chustaiméirí a dhéanann a ngearán linn, faoi dhaoine aonair a mbíonn idirghníomhaíocht againn leo mar chuid den chomhlíonadh feidhmeanna againn (daoine a oibríonn i ngnóthais rialáilte san áireamh) agus daoine aonair eile lasmuigh den eagraíocht againn.
Mínítear sa bhFógra Príobháideachais chomh maith céard iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a úsáidimid faoi dhaoine aonair a bhaineann leas as ár suíomh idirlín (www.comreg.ie). Bainimid úsáid as fianáin ar suíomh idirlín, agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo, feic le do thoil ár bhFógra faoi Fhianáin ag www.comreg.ie/cookie-policy/.
Is é an reachtaíocht phríomha cosanta sonraí a bhfuil feidhm aici inár leith ná an Rialachán um Chosaint Sonraí Ginearálta an AE (GDPR) a bhfuil éifeacht aige ó 25 Bealtaine 2018, arna fhorlíonadh ag reachtaíocht Éireannach (go príomha na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2018 agus Rialachán rPríobháideachais 2011). Ceann de na hoibleagáidí atá orainn faoin GDPR is ea bheith follasach leat maidir le sinn a bheith ag bailiú agus ag úsáid sonraí pearsanta dhaoine aonair.
Tugtar cearta do dhaoine aonair faoin ndlí cosanta sonraí maidir le heagraíochtaí bheith ag baint úsáide as a n-eolas pearsanta (sonraí pearsanta), ComReg san áireamh. Rialaíonn dlíthe Éireannacha agus Eorpacha faoin gcosaint sonraí gach gníomhaíocht a mbímid gafa léi maidir le bailiú, stóráil, láimhseáil, nochtadh agus úsáidí eile sonraí pearsanta.
Oibleagáid dhlíthiúil é na rialacha cosanta sonraí a chomhlíonadh. Ina theannta sin, is fearr a bhíonn muinín ag daoine aonair asainn agus iad ag déileáil linn nuair a bhíonn na rialacha cosanta sonraí á gcomhlíonadh againn agus cabhraíonn sé sin linn dea-cháil a choimeád i ndáil leis an gcaoi a láimhseálaimid eolas pearsanta.
Is é an reachtaíocht phríomha cosanta sonraí a bhfuil feidhm aici inár leith ná an Rialachán um Chosaint Sonraí Ginearálta an AE (GDPR) a bhfuil éifeacht aige ó 25 Bealtaine 2018, arna fhorlíonadh ag reachtaíocht Éireannach (go príomha na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 – 2018 agus Rialachán rPríobháideachais 2011).
Éilíonn na rialacha cosanta sonraí na nithe seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta (eolas pearsanta) a bhailímid agus a úsáidimid fút:-
Iad a bheith bailithe agus úsáidte de réir dlí agus go féaráilte agus go follasach.
Iad a bheith bailithe chun críocha bailí amháin atá mínithe go soiléir againn dúinn agus gan a bheith úsáidte i slí ar bith atá contrártha leis na críocha sin.
Iad a bheith bainteach leis na críocha atá luaite againn duit, bheith dóthanach (leormhaith) do na críocha sin, agus bheith teoranta do na críocha sin.
Iad a bheith cruinn agus uasdátaithe.
Gan iad a bheith coimeádta ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach do na críocha atá luaite againn duit.
Iad a bheith coimeádta go slán.
Ní mór dúinn chomh maith rialacha a chomhlíonadh maidir le cé na daoine a fhaigheann sonraí pearsanta uainn (feic tuilleadh thíos), le haistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (feic tuilleadh thíos) agus le cearta daoine aonair i ndáil lena sonraí pearsanta (feic tuilleadh eolais thíos).
Ciallaíonn sonraí pearsanta, nó eolas pearsanta, eolas ar bith faoi dhuine gur féidir an duine sin a shainaithint uaidh. Ní chuimsíonn sé sonraí a mbíonn an t-aitheantas bainte uathu (go buan agus go do-chúlghairthe) (sonraí anaithnid).
Tá “catagóirí speisialta” de shonraí íogaire pearsanta a mbíonn leibhéal níos airde cosanta ag teastáil uathu, mar shampla, eolas faoi shláinte duine nó faoi chionta coiriúla a bheith déanta, ionchúiseamh mar gheall ar chionta coiriúla, daorbhreitheanna coiriúla agus/nó pianbhreith mar gheall ar dhaorbhreitheanna coiriúla.
Bailímid, stórálaimid agus úsáidimid na príomhchatagóirí eolais phearsanta seo faoi dhaoine aonair atá seachtrach do ComReg (is é sin, lasmuigh den eagraíocht againn) agus chun na críocha atá leagtha amach thíos:
1 Faoi thomhaltóirí/custaiméirí soláthraithe seirbhíse teileachumarsáide nó poist (ar a n-áirítear iad siúd a dhéanann a ngearán linn faoi sheirbhísí agus gnóthais a rialaímid):-
Ainm, seoladh agus éirchód, sonraí teagmhála (ar a n-áirítear seoladh ríomhphoist agus, áit is cuí, an uimhir líne talún nó fóin phóca a bhaineann leis an tseirbhís).
Sínithe.
Sonraí, áit is cuí.
Sonraí faoi chonradh an duine leis an soláthraí seirbhíse cuí, ar a n-áirítear uimhreacha cuntais.
Sonraí cuntais agus eolas billeála (ar a n-áirítear cóipeanna de bhillí nuair a bhíonn siad seo uaslódáilte go dtí ceann de na huirlisí ar líne againn nó nuair a bhíonn siad curtha ar fáil dúinn ar mhalairt slí), áit is cuí sin.
Sonraí faoi úsáid fóin phóca, líne talún nó seirbhísí eile áir a soláthraítear iad trí úsáid a bhaint as ceann de huirlisí ar líne ComReg (e.g. “Calculate My Spend”).
Eolas faoi ghearáin nó ceisteanna, ar a n-áirítear taifid nó tras-scríbhinn de ghlaonna a cuireadh isteach ag ár n-ionad glaonna, agus eolas a cuireadh ar fáil trínár bhFoirm Ceisteanna & Gearán ar líne a chomhlánú nó trínár seirbhís ar líne comhrá gréasáin a úsáid. I gcás gearán poist, sonraí pearsanta (e.g. ainm, seoladh agus éirchód) a bhaineann leis an mír poist, agus féadann eolas pearsanta a chuir an gearánaí ar aghaidh faoi dhaoine eile a bheith san áireamh anseo (e.g. ainm, seoladh agus éirchód ar an mír poist a chuir an gearánaí ar aghaidh).
Eolas maidir le réiteach gearán, is é sin, an chaoi a réitíodh an gearán.
Sonraí maidir le haistriú uimhreacha daoine aonair ó sholáthraí amháin seirbhíse go dtí soláthraí eile (portáil uimhreacha).
Faoi dhaoine aonair i soláthraithe seirbhíse a rialaímid:-
Ainm, teideal, sonraí teagmhála gnó (ar a n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir líne talún agus, áit a bhfuil sé curtha ar fáil uimhir fóin phóca).
Eolas pearsanta eile maidir le gníomhaíochtaí daoine aonair a oibríonn i soláthraithe seirbhíse, áit a bhfuil sé seo bainteach le fiosrúcháin nó iniúchtaí a sheolaimid
Faoi shealbhóirí liúntais (sealbhóirí liúntais faoin reachtaíocht Teileagrafaíocht Raidió):
Ainm, seoladh agus éirchód, sonraí teagmhála (ar a n-áirítear uimhreacha fóin agus seoladh ríomhphoist).
Dáta breithe (áit a bhfuil sé bainteach leis an liúntas).
Sonraí teidlíochta do liúntas míchumais (áit a bhfuil siad bainteach leis an liúntas).
Sonraí faoi scrúduithe a seasadh agus a bhfuarthas pas iontu (e.g. scrúduithe a bhaineann le scrúdú an amaitéaraigh raidió).
Sonraí faoi liúntais a shealbhaíodh, faoi athnuachaintí agus éaga.
Glao-chomharthaí a úsáideann shealbhóirí liúntais (áit a bhfuil siad bainteach leis an liúntas).
Sonraí íocaíochtaí, áit a soláthraíodh go díreach le ComReg. iad (Nótáil go n-úsáideann ComReg soláthraí seirbhíse íocaíochta tríú páirtí (Realex faoi láthair) atá teastasaithe ag PCI DSS chun íocaíochtaí a phróiseáil a dhéantar leis ar líne – feic [nasc – faighteoirí sonraí pearsanta].)
Sonraí logála isteach (ainm úsáideora agus pasfhocail/PINeanna) i gcomhair rochtana do chomhaid ar líne na sealbhóirí liúntais agus sonraí maidir le rochtain ar an gcomhad sin (i.e. an uair dheireanach a fuarthas rochtain air).
Faoi dhaoine aonair a chláraigh Rabhcáin Aimsiúcháin Phearsanta (PLBanna) linn agus faoina dteagmhálacha éigeandála (feic anseo leis):-
Ainm, seoladh agus éirchód, sonraí teagmhála (ar a n-áirítear uimhreacha fóin agus seoladh ríomhphoist).
Sonraí logála isteach (logáil isteach agus pasfhocal) chun rochtain ar ár gcomhad ar líne maidir le clárú PLBanna agus sonraí maidir le rochtain ar an gcomhad sin (i.e. an uair dheireanach a fuarthas rochtain air).
Trí theagmháil éigeandála i gcomhair an duine sin (i.e. ainm, uimhreacha teileafóin agus seoladh ríomhphoist do na teagmhálacha éigeandála sin).
Faoi chuairteoirí chun ár suíomh idirlín nó chun ár n-oifigí agus áitreabh:-
Eolas brabhsála maidir le cé na rannáin dár suíomh idirlín a brabhsáladh, cén t-am, agus cé acu an athbhrabhsálaí a bhí sa duine i gceist. (Bailítear an t-eolas seo agus leas á bhaint as “fianáin”. Chun tuilleadh eolais a fháil, feic le do thoil an Fógra Fianán ar ár suíomh idirlín ag anseo).
Sonraí a cuireadh ar fáil nó eolas a uaslódáladh nuair a bhíothas ag baint leasa as ár n-uirlisí ar líne, e.g. nuair a bhíothas ag ag cur isteach eolais inár n-uirlisí Seirbhísí Compare Communications.
Íomhánna TCI a gabhadh ar ár gcóras TCI faoi chuairteoirí chun ár n-oifigí agus áitreabh.
Ainm, sonraí eagraíochta, dáta agus am na cuairte agus síniú a chuir cuairteoirí chun ár n-oifigí agus áitreabh ar fáil.
Bailímid agus úsáidimid chomh maith eolas pearsanta i dtaobh daoine aonair a bhíonn á n-iniúchadh againn mar gheall ar sháruithe ar an reachtaíocht a rialaímid. Áirítear air seo eolas pearsanta (eolas faoi shuíomh agus eolas faoi fhóilió réadmhaoine san áireamh) faoi dhaoine aonair a iniúchtar agus/nó a ionchúisítear toisc gur chuir siad isteach ar an speictream raidió, nó faoi dhaoine a iompórtálann trealamh teileagrafaíochta gan sreang go neamhdhleathach, agus faoi oifigigh de chuid soláthraithe seirbhíse a ndéantar iniúchadh orthu mar dhaoine aonair agus/nó a ionchúisítear mar gheall ar chionta a rinneadh faoin reachtaíocht bhainteach.
Bailímid, úsáidimid agus coimeádaimid chomh maith an t-eolas pearsanta seo a leanas:-
Ainmneacha agus sonraí teagmhála daoine aonair a chuireann iarrataí faoinár mbráid faoin reachtaíocht cosanta sonraí agus faoi reachtaíocht shaoráil faisnéise, agus sonraí faoina n-iarrataí.
Ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála eile daoine aonair (baill den phobal agus iriseoirí san áireamh) a d’íoc síntiús chun ár nuashonruithe rialála agus foláirimh nuachta a fháil.
Ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála eile daoine aonair a d’fhreastail ar ár gcomhdhálacha agus atá ar na liostaí cuiridh do chomhdhálacha amach anseo.
Ainmneacha, sonraí teagmhála, cáilíochtaí agus taithí, dátaí agus sonraí ceaptha, agus sonraí faoi thinreamh ar chruinnithe de chuid ball dár bPainéal Comhairleach do Thomhaltóirí.
Ainmneacha, sonraí teagmhála, cáilíochtaí agus taithí, dátaí agus sonraí ceaptha, agus sonraí faoi thinreamh ar chruinnithe de chuid rannpháirtithe ag ár gcruinnithe faoi Sheirbhísí Cumarsáide Leictreonaí do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála agus eolas pearsanta eile arna gcur ar fáil ag daoine aonair a chuireann aighneachtaí faoinár mbráid mar fhreagairt ar chomhairliúcháin a dhéanaimid.
Ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála, CVanna, próifílí gairmiúla agus eolas pearsanta eile arna gcur ar fáil mar chuid de thairiscintí a cuireadh faoinár mbráid.
Ainmneacha, teidil agus sonraí teagmhála oibre daoine aonair a ndéanaimid teagmháil leo mar chuid dár ngníomhaíochtaí rialta eagraíochta, mar shampla: faoi dhaoine aonair as rialtóirí eile, i Ranna Rialtais nó i BEREC (Body of European Regulators for Electronic Communications) nó i ERGP (European Regulators Group for Postal Services).
Ainmneacha, teidil agus sonraí teagmhála oibre daoine aonair a oibríonn dár soláthraithe seirbhíse.
Bailíonn agus úsáideann ComReg sonraí pearsanta (eolas pearsanta) i slite éagsúla. Orthu seo tá:-
Go díreach ó na daoine aonair féin nó óna n-ionadaithe ainmnithe, ó na foirmeacha comhlánaithe iarratais againn, mar shampla, agus ó na foirmeacha Ceisteanna & Gearáin (i gcóip chrua nó ar líne), ó ríomhphoist chugainn, ó dhaoine bheith ag úsáid ár seirbhís comhrá gréasáin (le fáil ar ár suíomh idirlín), ó dhaoine bheith ag úsáid ár n-uirlisí ar líne, ó ghlaonna chun ár n-ionad glaonna agus trí theagmháil dhíreach eile linn.
Ó thríú páirtithe a chuireann ceisteanna nó a dhéanann uiríll thar ceann daoine aonair (ach nach mbeadh, b’fhéidir, ag déanamh ionadaithe fhoirmiúil thar ceann an duine aonair), e.g. TDanna, Ranna Rialtais nó gníomhaireachtaí a mbeadh gearán nó ceist ardaithe ag an duine aonair leo agus a sheol an gearán nó an cheist ar aghaidh chugainne.
Ó sholáthraithe rialáilte seirbhíse, (ar a n-áirítear lucht foirne de chuid soláthraithe rialáilte seirbhíse), mar shampla, áit a ndeimhníonn siad a sonraí custaiméara i gcomhthéacs láimhseála gearáin, ceiste nó iniúchta againne
Ó fhostóirí daoine aonair), mar shampla, áit a gcuireann soláthraithe rialáilte seirbhíse i dteagmháil sinn le daoine aonair sainiúla ina n-eagraíochtaí mar phointe teagmhála againn, nó áit a gcuireann forthairgeoirí faoinár mbráid sonraí faoi Cvanna nó próifílí gairmiúla a gcuid fostaithe, nó áit a gcuireann ár soláthraithe ar fáil dúinn sonraí teagmhála dá bhfostaithe chun bheith mar theagmhálacha dúinn do na seirbhísí
Ó bhrabhsáil nó úsáid ár suímh idirlín nó ó úsáid na n-uirlisí ar líne atá le fáil ar an suíomh idirlín. (Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfaisnéis bhrabhsála a bhailímid, feic le do thoil an Fógra Fianán: anseo.)
Ó thríú páirtithe (baill den phobal agus d’eagraíochtaí), e.g. iad siúd a chuireann ar an eolas sinn faoi dhaoine aonair a bhfuiltear in amhras fúthu gur chuir siad isteach ar an speictream raidió nó gur sháraigh siad an reachtaíocht a rialaímid i slí ar bith eile.
Ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ó na Custaim (maidir le hiompórtáil neamhdhleathach amhrasta trealaimh teileagrafaíochta gan sreang), ó na Gardaí (maidir le sáruithe amhrasta na reachtaíochta a rialaímid), ó Gharda Cósta na hÉireann agus ó na seirbhísí éigeandála (maidir le cur isteach amhrasta leis an speictream raidió) agus ó rialtóirí agus údaráis maoirseachta, mar shampla an Coimisinéir Cosanta Sonraí, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, an Rialtóir Fóntas agus Oifig an Ombudman.
Ónár soláthraithe seirbhíse féin, e.g. maidir le torthaí an scrúdaithe don amaitéar raidió.
Ón mBunachar Inaistritheacht Uimhreach: is é seo an bunachar uimhreacha teileafóin atá ina n-ábhar iarrataí aistrithe uimhreacha idir soláthraithe seirbhíse. Oibrítear an bunachar go príobháideach, de réir socruithe arna ndéanamh ag na soláthraithe seirbhíse. Tá rochtain ag ComReg ar an mbunachar seo, áfach, i dtreo is go mbeidh sé in ann cúltaca de a éascú más gá sin
Ag ComReg, ó chuairteanna ar an oifig againn (e.g. sonraí ó shuaitheantais cuairteoirí), ónár gcóras TCI nó ó fhoinsí poiblí.
Ní úsáidfidh ComReg eolas pearsanta ach nuair a cheadaíonn an dlí dúinn é sin a dhéanamh. Go hiondúil, bainfimid úsáid as eolas pearsanta fút insna tosca seo a leanas:-
Áit a bhfuil gá leis chun go gcomhlíonaimid ár bhfeidhmeanna rialála agus ár n-oibleagáidí faoi reachtaíocht a shásamh.
Áit a bhfuil gá leis chun críocha éileamh dlí nó imeachtaí dlí.
Áit a gceadaíonn an reachtaíocht bhainteach dúinn é sin a dhéanamh i gcomhthéacs cumarsáidí margaíochta. (Nótáil, áfach, go bhfuil oibleagáid orainn eolas a sholáthar faoin reachtaíocht a bhaineann linn, agus dá réir sin rachaimis i muinín na hoibleagáide seo chun nuashonruithe eolais a chur ar fáil i dtosca cuí.)
Chun cionta coiriúla amhrasta a thuairisciú chuig údaráis chuí eile, na Gardaí agus rialtóirí eile san áireamh.
Ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha, nithe a bhaineann le slándáil ár n-oifigí agus ár n-áitreabh san áireamh, áit nach treise ná na leasanna seo cearta agus leasanna daoine aonair.
Is ceadaithe dúinn chomh maith eolas pearsanta fút a úsáid insna cásanna seo a leanas, gur dócha go mbeidh siad neamhghnách:-
Áit is gá dúinn do chuid leasanna riachtanacha a chosaint (nó leasanna riachtanacha duine éigin eile), e.g. i gcás éigeandála míochaine, nó áit a n-iarrtar orainn eolas a nochtadh go práinneach agus ar chúis mhaith do Gharda Cósta na hÉireann nó do na seirbhísí éigeandála.
Áit is gá é ar mhaithe leis an leas poiblí nó le críocha oifigiúla.
Liostaítear thíos na príomhchásanna ina mbainfidh ComReg úsáid as eolas pearsanta fút:-
Chun ceisteanna a réiteach, chun gearáin a iniúchadh arna ndéanamh ag tomhaltóirí agus ag custaiméirí soláthraithe rialáilte seirbhíse, agus na gearáin sin a réiteach nó, más gá, beart forfheidhmithe a dhéanamh maidir leo.
Teagmháil a choimeád le daoine aonair i soláthraithe rialáilte seirbhíse, ar a n-áirítear nuashonruithe a thabhairt dóibh faoi ghníomhaíochtaí rialála ComReg agus nuashonruithe bainteacha margaidh trínár seirbhís eAlerts.
Chun na hoibleagáidí atá orainn eolas a sholáthar, i dtaobh ár ngníomhaíochtaí rialála.
Maidir leis an mBunachar Inaistritheachta Uimhreach, cúltaca leis an mbunachar sin a chinntiú más gá.
Chun na hoibleagáidí atá orainn cabhrú le tomhaltóirí a gcearta a thuiscint, na seirbhísí a rialaímid a thuiscint agus chun cur ar chumas custaiméirí a gcearta a chosaint.
Chun na hoibleagáidí atá orainn mar chomhlacht ceadúnúcháin a chomhlíonadh i ndáil le ceadúnais arna n-eisiúint faoin reachtaíocht Teileagrafaíochta gan Sreang. Orthu seo tá an oibleagáid atá orainn íocaíochtaí as ceadúnais a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, trínár soláthraí ainmnithe seirbhíse íocaíochta.
Chun na hoibleagáidí dlíthiúla atá orainn teagmháil a dhéanamh le rialtóirí eile (an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, an Rialtóir Fóntas, Oifig an Ombudman), áit a bhfuil foráil déanta chuige seo ag an dlí.
Chun na hoibleagáidí rialála agus/nó dlíthiúla atá orainn a chomhlíonadh i slite eile agus chun ár bhfeidhmeanna a stiúradh mar rialtóir, comhlacht poiblí agus/nó fostóir.
Chun cabhrú linn éilimh dhlíthiúla agus/nó imeachtaí dlíthiúla a thógáil nó a chosaint, imeachtaí a bhaineann le caingean forfheidhmithe dlí nó ionchúiseamh coiriúil san áireamh.
Chun cuireadh a thabhairt do dhaoine aonair freastal ar na comhdhálacha agus na cruinnithe eolais againn agus eolas a choimeád faoi cé na daoine a bhí i láthair.
Chun margaíocht a dhéanamh do dhaoine aonair, áit nach bhfuil sé seo clúdaithe lenár n-oibleagáidí dlí eolas a sholáthar.
I dtaca leis an úsáid a bhainimid as ár suíomh idirlín, chun cur ár gcumas an chaoi ina n-idirghníomhaíonn úsáideoirí leis an suíomh idirlín a thuiscint sa chaoi go mbeimid in ann feabhas a chur ar inneachar, nascleanúint nó gnéithe eile den suíomh idirlín. (Chun tuilleadh eolais a fháil, feic le do thoil an Fógra Fianán againn ag anseo.)
I dtaca lenár n-oifigí agus ár n-áitribh, chun slándáil ár n-oifigí agus ár n-áitreabh a chinntiú, agus chun cur ar ár gcumas teagmhais a tharlaíonn ag ár n-oifigí agus ár n-áitribh a iniúchadh.
Má mhainníonn tú eolas áirithe a chur ar fáil nuair a iarrann ComReg ort a leithéid a dhéanamh, ansin is féidir nach mbeimid in ann freagairt ar iarraidh atá déanta agat dúinn nó déileáil léi (mar shampla, chun ceadúnas a fháil, nó i dtaobh gearáin in aghaidh soláthraí seirbhíse nó chun tú a chur san áireamh ar ár liosta teagmhálacha i gcomhair nuashonruithe eolais), nó is féidir go gcuirfear cosc orainn ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh (gearáin atá déanta linn a iniúchadh, mar shampla).
I gcás an chuid is mó de na n-úsáidí a bhaineann ComReg as an eolas pearsanta a bhfuil curtha síos air sa bhFógra Príobháideachais seo, ní theastaíonn do thoiliú uainn. Ar an mórchóir is ar bhonn ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus chun cur ar ár gcumas ár ról mar rialtóir a chomhlíonadh a bhailímid agus a úsáidimid eolas pearsanta.
Chun eolas a sholáthar nó chun cumarsáidí margaíochta a dhéanamh, ní dhéanaimid cumarsáid ach le daoine aonair a bhí ag iarraidh na nuashonruithe seo a fháil (e.g. ár seirbhís eAlerts) nó áit a bhfuilimid i dteideal brath ar “toiliú roghnú amach” (i ndáil le cumarsáidí margaíochta) a bhfuil foráil déanta dóibh faoi na rialacha do mhargaíocht dhíreach (mar shampla, cumarsáidí gnóthas-le-gnóthas).
Feic freisin le do thoil ár bhFógra Fianán ag anseo a mhíníonn cén chaoi agus cén fáth a n-úsáidimid fianáin agus gairis bailithe eolais eile ar ár suíomh idirlín, agus cén chaoi is féidir leat cosc a chur ar úsáid fianán.
Insna tosca teoranta sin a mbeadh toiliú tugtha agat, b’fhéidir, do bhailiú nó úsáid eolais phearsanta fút chun críche sainiúla, tá sé de cheart agat do thoiliú don chríoch shainiúil sin a tharraingt siar am ar bith. Chun do thoiliú a tharraingt siar, déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (DPO) – feic le do thoil an rannán thíos ina dtugtar sonraí teagmhála don DPO againn. Nuair a bheidh fógra faighte againn go bhfuil do thoiliú tarraingthe siar agat, ní dhéanfaimid do chuid eolais phearsanta a phróiseáil feasta chun na críche nó na gcríocha ar thoiligh tú leo ar dtús, mura mbíonn bonn dlisteanach leis sin againn de réir dlí. Nótáil le do thoil go bhféadann tarraingt siar an toilithe le próiseáil, áit a mbaineann sé le ceadúnas arna dheonú ag ComReg, bheith ina chúis leis an ceadúnas sin a chur ar ceal.
Tarlaíonn cinnteoireacht uathoibrithe nuair a bhaineann córas leictreonach úsáid as eolas pearsanta chun cinneadh a dhéanamh gan idirghabháil daonna. Tá cead againn úsáid a bhaint as cinnteoireacht uathoibrithe insna tosca seo a leanas:
Áit a mbíonn fógra tugtha againn duit faoin gcinneadh agus 21 lá tugtha duit chun athmhachnamh a iarraidh.
Áit is gá an conradh leat a fheidhmiú agus go bhfuil bearta cuí ar bun chun do chearta a chosaint.
I dtosca teoranta, le toiliú follasach scríofa uait agus bearta cuí ar bun chun do chearta a chosaint.
Má dhéanaimid cinneadh uathoibrithe ar bhonn aon eolais phearsanta atá thar a bheith íogair, caitheann toiliú follasach scríofa a bheith againn uait nó caitheann údar a bheith leis ar mhaithe leis an leas poiblí, agus caithimid bearta cuí a chur ar bun chun do chearta a chosaint.
Ní bheidh tú faoi réir ag cinntí a mbeidh tionchar sonrach acu ort bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe amháin, mura mbíonn bonn dleathach againn lena leithéid a dhéanamh agus fógra tugtha againn duit.
Faoi láthair, úsáideann ár gcóras cinnteoireacht uathoibrithe chun ceadúnais agus iarratais ar cheadúnais atá dulta in éag de bharr neamhathnuachan nó neamhíoc a aisghairm go huathoibríoch. Níl sé i gceist againn go ndéanfar cinntí ar bith eile fút trí bhealaí uathoibrithe, ach cuirfimid fógra chuig daoine aonair a bhfuil dulta i gcion orthu má thagann athrú ar an scéal seo.
Tá cead againn do shonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe, na soláthraithe seirbhíse tríú-páirtí againn agus faighteoirí eile san áireamh. Cuid de na faighteoirí seo is próiseálaithe sonraí againn iad, is é sin le rá, níl cead acu an t-eolas pearsanta a fhaigheann siad uainn a thógáil agus a úsáid ach díreach de réir orduithe uainn agus de réir ár gcuid rialaithe.
Tá faighteoirí eile nach próiseálaithe sonraí againn iad, ach a meastar mar rialaitheoirí sonraí ar leithligh iad, a n-idirghníomhaímid leo agus lena gcomhroinnimid eolas pearsanta. Orthu seo tá ár n-iniúchóirí agus ár n-aturnaetha (sa mhéid go mba ghá dóibh ár dtaifid a athbhreithniú d’fhonn seirbhísí gairmiúla a chur ar fáil dúinn), ár soláthraí íocaíochtaí (chun éascú le híocaíochtaí a dhéantar linn as ceadúnais), soláthraí seirbhíse rialáilte (áit gur gá dúinn eolas pearsanta a chur ar fáil a bhaineann le gearáin a rinneadh ina n-aghaidh), ach ina theannta sin rialtóirí eile a n-idirghníomhaímid leo mar chuid dár n-oibleagáidí rialála.
Éilímid ar ár bpróiseálaithe sonraí go léir meas a léiriú ar shlándáil do chuid eolais phearsanta agus caitheamh leis de réir dlí.
Comhroinnfimid do chuid eolais phearsanta leis na tríú páirtithe seo áit a gceanglaíonn an dlí orainn é, nó áit a mbíonn leas dlisteanach againn chun déanamh amhlaidh (mar shampla, chun cabhrú linn ár n-eagraíocht a oibriú go héifeachtach).
Féadaimid do chuid eolais phearsanta a aistriú lasmuigh den AE.
Má aistríonn, féadann tú bheith ag súil leis an méid céanna cosanta i leith do chuid eolais phearsanta.
Leagtha amach againn thíos tá cuntais ar ár bpróiseálaithe sonraí a phróiseálann eolas pearsanta thar ár gceann, agus arna rialú againn:-
Ár soláthraí seirbhísí bainistithe, a bhfuil ár bhfeidhmeanna oifige TF seachfhoinsithe dó againn. Orthu seo tá bainistiú ár mbunachar sonraí agus comhad leictreonach eile ina bhfuil eolas pearsanta. Úsáidimid freisin seirbhísí seachtracha TF eile chun cabhrú linn ár gcórais TF a thacú agus a chothabháil.
Ár soláthraí seirbhísí ionaid glaonna, a oibríonn ár n-ionad glaonna do thomhaltóirí chun cur ar chumas custaiméirí a ngearáin a dhéanamh linn agus ceisteanna a ardú linn.
Ár soláthraí seirbhísí (Agiloft faoi láthair) a sholáthraíonn ár mbunachar sonraí bainistíochta cáis, ár seirbhís comhrá gréasáin ar líne agus uirlisí ar líne eile a chuirtear ar fáil do chustaiméirí.
Soláthraí ár uimhreach seirbhíse SMS (51500).
Ár soláthraí seirbhíse cumarsáide digití, a chabhraíonn linn ár rabhcáin nuachta agus ár gcumarsáidí margaíochta a sheoladh agus ár liostaí teagmhálacha cuí a bhainistiú.
Ár soláthraí seirbhíse a bhainistíonn na scrúduithe i gcomhair ceadúnas amaitéaraigh raidió thar ár gceann.
Soláthraithe seirbhíse a chabhraíonn linn iniúchtaí ar sháruithe amhrasta ar an reachtaíocht Teileagrafaíochta gan Sreang a stiúradh, i ndáil le cur isteach amhrasta ar an speictream ach go háirithe. Áirítear air seo eolas pearsanta faoi dhaoine aonair a phróiseáil a dhéanann a ngearán linn nó a thuairiscíonn dúinn faoi churanna isteach amhrasta agus faoi na daoine aonair a bhfuiltear in amhras fúthu go ndearna siad cur isteach.
Soláthraithe seirbhísí fóiréinseacha FC, a chuireann seirbhísí tacaíochta dlíthíochta ar fáil dúinn, seirbhísí i dtaca le cabhrú linn oibleagáidí follasaithe (nochtadh doiciméad) a phróiseáil in imeachtaí dlí.
Seirbhísí stórála comhad agus díothaithe doiciméad rúnda.
Tá eagraíochtaí eile ann a nochtaimid eolas pearsanta dóibh nó a gcomhroinnimid eolas pearsanta leo. Orthu seo tá:-
Soláthraithe rialáilte seirbhíse (e.g. cuideachtaí líne talún agus fón póca, cuideachtaí poist) áit gur gá dúinn an t-eolas pearsanta a nochtadh ar mhaithe le déileáil le ceist rialála (e.g. ceist nó gearán a iniúchadh nó a réiteach, nó gníomh forfheidhmithe a dhéanamh).
Rialtóirí eile, mar shampla, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, an Rialtóir Fóntas agus Oifig an Ombudman, áit a bhfuil bonn dlíthiúil ann le go nochtaimid eolas pearsanta dóibh nó go gcomhroinnimid eolas pearsanta leo. Comhroinnimid eolas pearsanta le Garda Cósta na hÉireann chomh maith agus leis na seirbhísí éigeandála, mar shampla nuair a bhíonn cur isteach ar siúl ar a speictream raidió agus gur gá dúinn é a iniúchadh agus déileáil leis.
Ár n-iniúchóirí, comhairleoirí dlí, soláthraithe eacnamaíocha agus soláthraithe comhchosúla seirbhísí gairmiúla, áit gur gá sin chun críche na seirbhísí gairmiúla a chuireann siad ar fáil dúinn. Ina theannta sin, áit a n-athbhreithníonn Oifig an Ardreachtaire Cuntas & Ciste (AC&C) an caiteachas ciste poiblí againn, theastódh ón AC&C, b’fhéidir, rochtain a fháil ar chomhaid a mbeadh eolas pearsanta iontu chun an t-athbhreithniú seo a stiúradh.
Ár soláthraí seirbhíse íocaíochta tríú páirtí, Realex, a phróiseálann íocaíochtaí a dhéantar linn ar líne. Rialtóir neamhspleách sonraí chugainne is ea Realex, agus tá a sheirbhísí teastasaithe ag PCI DSS.
oifig Fála an rialtais (OGP), gur gníomhaireacht de chuid na Roinne Airgeadais é. Cabhraíonn an OGP linn uaireanta ár gcomórtais tairisceana a riaradh, agus dá thoradh sin is féidir leo an t-eolas pearsanta a fheiceáil a chuirtear faoinár mbráid mar chuid de thairiscintí.
Garda Cósta na hÉireann, a bhfuil rochtain acu ar bhunachar sonraí an Rabhcáin Aimsiúcháin Phearsanta (PLB) chun críche cuardaigh agus tarrthála.
Éilítear ar gach próiseálaí sonraí againn bearta cuí slándála a dhéanamh chun do chuid eolais phearsanta a chosaint. Ní thugaimid cead dár bpróiseálaithe sonraí úsáid a bhaint as do shonraí pearsanta chun a gcríocha féin. Ní thugaimid cead dóibh do shonraí pearsanta a phróiseáil ach chun críocha sainiúla agus de réir ár n-orduithe.
Go hiondúil, ní aistrímid eolas pearsanta atá san áireamh ar ár gcórais TF lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (is é sin an AE móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin). Is é ár bpolasaí a éileamh go gcoimeádfaí sonraí ar bit a phróiseálann ár bpróiseálaithe sonraí thar ár gceann ar fhreastalaithe atá suite laistigh den AE.
Sa mhéid go bhféadfaí eolas pearsanta ar bith atá faoinár rialú a aistriú lasmuigh den AE, cinntímid go bhfaigheann an t-eolas pearsanta leibhéal leormhaith cosanta. Mar shampla, seiceálaimid an bhfuil faighteoir an eolais suite i dtír a bhfuil rialaithe ag Coimisiún an AE ina leith go bhfuil leibhéal leormhaith cosanta sonraí ann. Seachas sin, cinntímid go gcuirtear bearta cuí ar bun chun an t-eolas pearsanta a chosaint agus go gcaitheann na faighteoirí leis an eolas pearsanta i mbealach atá comhsheasmhach le, agus a urramaíonn, reachtaíocht cosanta sonraí. Áirítear air seo úsáid a bhaint as bearta ar nós Alt Caighdeánach Conarthach nó Sciath Príobháideachais chun bheith mar bhonn agus mar thaca le aistruithe sonraí. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi seo nó faoi bearta sainiúla cosanta, déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (DPO): anseo.
Tá bearta curtha ar bun againn chun slándáil do chuid eolais phearsanta a chosaint.
Ár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí (próiseálaithe sonraí), ní phróiseálfaidh siad do chuid eolais phearsanta ach de réir orduithe uainn agus áit a bhfuil toilithe acu caitheamh leis na eolas go rúnda agus é a choimeád slán.
Tá bearta cuí curtha ar bun againn chun bac a chur roimh chailliúint thionóisceach do chuid eolais phearsanta, roimh a úsáid nó a rochtain gan údar, agus roimh a athrú nó a nochtadh. Ina theannta sin, ní thugaimid rochtain ar do chuid eolais phearsanta ach do na fostaithe, gníomhairí, conraitheoirí agus tríú páirtithe eile a dteastaíonn an t-eolas sin uathu de bharr cúrsaí gnó. Ní phróiseálfaidh siad do chuid eolais phearsanta ach de réir orduithe uainn agus tá siad faoi réir ag dualgas rúndachta.
Tá nósanna imeachta curtha ar bun againn chun déileáil le haon sárú amhrasta ar shlándáil sonraí (sárú sonraí pearsanta san áireamh) agus tabharfaimid fógra duit agus d’aon rialtóir is infheidhme maidir le haon sárú sonraí pearsanta amhrasta áit a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orainn déanamh amhlaidh.
Ní choimeádfaimid eolas pearsanta fút ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach chun na críocha chun a mbailíomar é a shásamh, sásamh críocha dlíthiúla, cuntasaíochta, nó tuairiscithe san áireamh. Má éilíonn reachtaíocht orainn eolas pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse sainithe, coimeádaimid ansin é de réir na n-oibleagáidí reachtúla sin.
Chun an tréimhse chuí choimeádta a chinneadh do shonraí pearsanta, measaimid méid, nádúr, agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála as úsáid nó nochtadh gan údar do shonraí pearsanta, na críocha chun a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus ciacu an féidir linn na críocha sin a shásamh trí bhealaí eile, agus aon oibleagáidí dlíthiúla sainiúla a mbeadh feidhm acu inár leith eolas pearsanta nó taifid a d’fhéadfadh eolas pearsanta a bheith iontu a choimeád.
Ag seo a leanas samplaí de na tréimhsí coimeádta a chuirimid i bhfeidhm:-
Coimeádaimid eolas faoi ghearáin agus ceisteanna ó thomhaltóirí (agus sonraí pearsanta a bhaineann leis na gearáin agus na ceisteanna sin) ar ár mbunachar sonraí bainistíochta cáis ar feadh dhá bhliain tar éis do chlabhsúr a bheith curtha leis an ngearáin nó leis an gceist.
Coimeádtar ár dtaifid ó ionaid glaonna do chustaiméirí ar feadh 30 lá tar éis don ghlao orainn a bheith déanta.
Coimeádtar píosa scannánaíochta TCI ar feadh tréimhse trí mhí.
Coimeádaimid sonraí pearsanta a bhaineann le ceadúnais reatha sealbhaithe ar feadh ré an cheadúnais. Ina theannta sin, tá bunachar sonraí iomlán de cheadúnais stairiúla againn.
Coimeádaimid sonraí a bhaineann le Rabhcáin Aimsiúcháin Phearsanta (PLBanna) ar feadh na tréimhse a mbíonn an PLB cláraithe.
I dtosca áirithe féadaimid an t-eolas pearsanta fút a dhí-ainmniú sa chaoi nach féidir é a chomhcheangal leat, agus sa chás sin féadaimid eolas den sórt sin a úsáid gan tuilleadh fógra a thabhairt duit. Nuair nach fostaí, oibrí nó conraitheoir leis an gcuideachta thú a thuilleadh coimeádfaimid agus díothóimid eolas pearsanta fút de réir ár sceidil coimeádta sonraí (nó bunaithe ar dhlíthe agus rialacháin is infheidhme áit a sáraíonn siad seo ár dtréimhse ainmnithe choimeádta).
Féadaimid eolas pearsanta fút a choimeád ar feadh tréimhse níos faide ná ár dtréimhse ainmnithe choimeádta áit a mbímid de dhíth air d’fhonn éilimh dhlí a dhéanamh nó a chosaint, agus má tharlaíonn a leithéid, coimeádfaimid an t-eolas pearsanta ar feadh na tréimhse a theastaíonn chun an t-éileamh dlí a réiteach nó é a fháil socraithe go cinnte ag cúirt.
Is den tábhacht é go mbeadh an t-eolas pearsanta fút cruinn agus suas chun dáta. Coimeád ar an eolas sinn le do thoil má thagann athrú ar an eolas pearsanta fút le linn do chomhchaidrimh linne. Is féidir leat déanamh amhlaidh trí theagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (DPO) – feic anseo – nó trí leas a bhaint as ár n-uirlisí ar líne (e.g. áit a mbíonn cuntas ar líne agat linn). I dtosca áirithe, tá sé de cheart agat de réir dlí:
Do chearta i ndáil le heolas pearsanta
I dtosca áirithe, tá sé de cheart agat de réir dlí:
Rochtain a iarraidh ar an eolas pearsanta fút (ar a dtugtar coitianta “iarraidh ar rochtain ag ábhar sonraí”). Cuireann sé sin ar do chumas cóip a fháil den eolas pearsanta a choimeádaimid fút agus a sheiceáil go bhfuilimid á phróiseáil go dleathach.
Ceartú a iarraidh ar eolas pearsanta atá coimeádta againn fút. Cuireann sé sin ar do chumas aon eolas neamhiomlán nó neamhchruinn atá coimeádta againn fút a fháil ceartaithe.
Scrios a iarraidh ar eolas pearsanta atá coimeádta againn fút. Cuireann sé sin ar do chumas iarraidh orainn eolas pearsanta a scrios nó a bhaint áit nach bhfuil aon fháth maith ann le go leanaimid linn á phróiseáil. Tá sé de cheart agat chomh maith iarraidh orainn eolas pearsanta fút a scrios nó a bhaint áit ar fheidhmigh tú do cheart cur in aghaidh próiseála (feic thíos).
Cur in aghaidh próiseála eolais phearsanta fút áit a bhfuilimid ag brath ar leas dlisteanach (nó ar leas tríú pháirtí) agus go bhfuil rud éigin a bhaineann le do staid féin atá ina údar le thú bheith ag cur in aghaidh próiseála ar an bhforas seo. Tá sé de cheart agat agóid chomh maith nuair a bhímid ag próiseáil eolais phearsanta fút chun críche margaíochta dírí.
Teorannú a iarraidh ar phróiseáil eolais phearsanta fút. Cuireann sé sin ar do chumas próiseáil eolais phearsanta fút a chur ar fionraí, mar shampla más mian leat a fháil amach cé chomh cruinn agus atá sé nó an fáth atá lena phróiseáil
Más mian leat eolas pearsanta fút a athbhreithniú, a fhíorú, a rochtain, a cheartú nó a fháil scriosta, agóid in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta, nó a iarraidh go n-aistrímid cóip den eolas pearsanta fút go dtí páirtí eile, cuir ríomhphost le do thoil chuig dataprotection@comreg.ie, agus tabhair dúinn a mhéid eolais is féidir chun cabhrú linn a fhíorú cé thú féin agus céard faoi an iarraidh uait.
Ní theastaíonn táille de ghnáth
Ní bheidh ort táille a íoc chun rochtain ar an eolas pearsanta fút (ná chun ceann ar bith de na cearta eile a fheidhmiú). Féadaimid táille réasúnta a ghearradh, áfach, más soiléir go bhfuil an iarraidh uait ar rochtain gan fhoras nó thar fóir. Mar mhalairt air sin, féadaimid diúltú géilleadh don iarraidh i dtosca dá leithéid.
Céard a bheimis ag iarraidh uait
Is féidir go mbeimis ag iarraidh eolais shainiúil ort chun cabhrú linn do chéannacht a dheimhniú agus a chinntiú go bhfuil an ceart agat rochtain ar an eolas pearsanta (nó ceart ar bith eile agat a fheidhmiú). Beart cuí slándála eile é seo chun a chinntiú nach nochtar eolas pearsanta do dhuine ar bith nach bhfuil aon cheart aige é a fháil. Féadaimid teagmháil a dhéanamh leat chomh maith chun tuilleadh eolais a iarraidh uait maidir leis an iarraidh uair chun dlús a chur leis an bhfreagairt uainne.
Teorainn ama chun freagairt a bheith tugtha againne ar iarrataí
Déanaimid iarracht freagairt a thabhairt ar gach iarraidh dhlisteanach laistigh de mhí amháin tar éis iad a bheith faighte. (Mí amháin an teorainn ama shainithe don fhreagairt faoin GDPR.) Uaireanta, is féidir go dtabharfadh sé tréimhse níos faide ná mí más iarraidh an-chasta atá agat nó má bhíonn líon iarrataí déanta agat. Sa chás seo, tabharfaimid fógra duit agus coimeádfaimid suas chun dáta thú maidir leis an scála ama againn don fhreagairt.
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) ceaptha againn chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Fhógra Príobháideachais seo agus ár n-oibleagáidí faoi na rialacha cosanta sonraí go ginearálta. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin bhFógra Príobháideachais seo nó faoin gcaoi a láimhseálaimid an eolas pearsanta fút, déan teagmháil le do thoil leis an DPO ag dataprotection@comreg.ie.
Má bhíonn fadhbanna ar bith agat faoin gcaoi a láimhseálaimid an eolas pearsanta fút nó faoin gcomhlíonadh cosanta sonraí againn, tá sé de cheart agat do ghearán a dhéanamh am ar bith leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí (DPC), is é sin an t-údarás maoirseachta do reachtaíocht cosanta sonraí (cosaint sonraí faoin GDPR san áireamh).
Forchoimeádaimid an ceart chun an Fógra Príobháideachais seo a uasdátú am ar bith, agus cuirfimid Fógra Príobháideachais nua ar fáil duit nuair a bheidh uasdátuithe tathagacha ar bith déanta againn. Féadaimid fógra a thabhairt duit ar bhealaí eile ó am go chéile maidir le próiseáil an eolais phearsanta fút.