Home / Nuacht / Nuacht Tomhaltóra / Eolas ar Scammáil Fóin

Please enter your email address below. If there are particular publication types or categories that you want to receive alerts for, please select them from the lists. If you do not select anything you will receive alerts for all publications.

Hold CTRL to select more than one

Eolas ar Scammáil Fóin

Tuigeann ComReg go bhfuil go leor bealaí ann chun scam fóin a dhéanamh, mar sin molaimid gur cheart go mbeidh tomhaltóirí airdeallacha i gcónaí.

Má fhreagraíonn tú glaoch ó uimhir idirnáisiúnta anaithnid, is féidir leis a bheith an-chostasach mar sin bí an-chúramach má chailleann tú glaoch ó uimhir mar sin.

  • Bí airdeallach maidir le glaochanna/glaochanna caillte ón uimhir chéanna nach n-aithníonn tú.
  • Ná cuir glaoch thar n-ais ar aon uimir nach n-aithníonn tú nuair nach bhfuil aon glórphost fágtha.
  • Má chuireann tú glaoch ar uimhir mar seo trí thimpiste, cuir deireadh leis an nglaoch láithreach, ach go háirithe mura bhfuil éinne ar an líne  nó má chuirtear ar feitheamh thú.
  • Má tá gaoil nó cairde leat thar lear, bí cinnte a n-uimhreacha a chur i do fón (mó den réimír tíre) agus bíodh réimír na tíre ina bhfuil siad ar eolas agat.
  • Má leanann na glaochanna ar aghaidh, cuir fios ar do oibritheoir láithreach.
  • Ná tabhair aon fháisneis phearsanta ar nós uimhreacha PSP/sonraí chárta creidmheasa/ainm/seoladh/uimhir pas nó eile amach.

Níl aon bhealach amháin chun scam fóin a aithint, is minic a úsáidtear gnáthuimhir aitheanta, réigiúnda nó idirnáisiúnta a bhíonn in úsáid go laethúil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le ComReg ag consumerline@comreg.ie nó 01 809 9668. Tá seirbhís téacs thar n-ais, gloach thar n-ais, comhrá beo ar líne agus Teanga Comhartaíochta na hÉireann againn chomh maith.

Related News

Latest News