Home / Nuacht / Nuacht Tomhaltóra / Scéim Teanga Gaeilge foilsithe ag ComReg

Please enter your email address below. If there are particular publication types or categories that you want to receive alerts for, please select them from the lists. If you do not select anything you will receive alerts for all publications.

Hold CTRL to select more than one

Scéim Teanga Gaeilge foilsithe ag ComReg

Tá a chéad Scéim Teanga Gaeilge foilsithe ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Cuireadh an scéim le chéile de réir cuid 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2013 agus de réir na dtreoirlínte atá eisithe ag Oifig an Choimisineára Teanga agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Is iad príomhghealltanais ComReg faoin Scéim na:

  • Cinntiú go bhfuil baill foirne, a bhfuil Gaeilge acu, ar fáil in ár rannóg um seirbhísí tomhaltóra chun plé le hiarratais agus gearáin tomhaltóra trí Ghaeilge.
  • Cinntiú go bhfuil an fhoireann fáiltithe in ann teagmháil a dhéanamh le baill foirne ainmnithe, a bhfuil Gaeilge acu, ionas gur féidir le daoine a gcuid gnó le ComReg a dhéanamh trí Ghaeilge, chomh fada is gur féidir.
  • Cur le líon na n-ábhar Gaeilge atá ar fáil ar ár suíomh idirlín comreg.ie, ag díriú ar ábhar tomhaltóra ach go háirithe.

Tá fáilte roimh mholtaí agus aiseolas chuig gaeilge@comreg.ie. Titeann dualgais monatóireachta na scéime ar an Rannóg Ghnóthaí Póiblí.

Thosnaigh an scéim ar an 20 Márta 2017 agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bhliana, nó go dtí go bhfuil scéim nua deimhnithe, cibé is déanaí.

Related News

Latest News