Cumarsáid Leictreonach

Is iad seo a leanas cuspóirí agus stráitéisí ComReg d’earnáil na Cumarsáide Leictreonaí:

Iomaíocht

Is é cur chun cinn na hiomaíochta ceann de na comhpháirteanna ríthábhachtacha a bhaineann le rialáil éifeachtach. Tá ról lárnach ag an iomaíocht i gcinntiú go bhfuil tionsclaíocht inbhuanaithe ann, a bhfuil sé mar chumas aige agus go mian leis, infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt tairgí nuálacha agus tairgí éagsúla a chur chun cinn. Is cuid ríthábhachtach í an iomaíocht i gcinntiú go bhfuil fód cothrom ann d’oibritheoirí reatha agus oibritheoirí nua. Dearbhaíonn sé seo go mbeidh raon leathan tairgí agus seirbhisí ar fáil don tomhaltóir a bhfuil rogha maith ann, atá ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta.

Tomhaltóir

Tugann margadh cumarsáide leictreonaí a bhfuil iomaíocht ann buntáistí praghsála atá mealltach agus trédhearcach don tomhaltóir, raon leathan roghanna i dtaobh seirbhisí agus soláthróirí agus seirbhisí agus tairgí atá ar ardchaighdeán. Tá ról lárnach ag ComReg ag tabhairt eolais agus ag cur oideachais ar thomhaltóirí maidir le tairgí agus seirbhisí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil, agus ag cur na mbealaí cearta ar fáil do thomhaltóirí maidir le cúiteamh agus tacaíocht má tá aon diospóid idir iad féin agus a soláthróir.

An Margadh Inmheánach

Leagadh amach an creat reachtaíochta a mbíonn ComReg ag feidhmiú faoi ag leibheál uile-Eorpach. Ligeann cur i bhfeidhm an chreata seo do ComReg rialacha leanúnacha agus comhchuibhithe a chur i bhfeidhm sa mhargadh cumarsáide leictreonaí in Éirinn. Tá na rialacha seo bunaithe ar na prionsabail seo: neodracht teicneolaíochta, rialí nuair atá gá leis amháin agus príomhacht dlí na hiomaíochta.

Braitheann obair ComReg ar chomhoibriú idir na coimisiúin rialála eile san AE chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach trí Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha (ERG). I dteannta sin, glacann ComReg ról gníomhach i bhfóraim eile de chuid na hEorpa agus go hinmheánach le cinntiú go bhfuilimid ag comhlíonadh dea-chleachtais maidir le rialú na hearnála cumarsáide leictreonaí.

Tá tuilleadh eolais ar Ráiteas Stráitéise 2017 – 2019 ComReg ar fail.