Speictream Raidió

Is acmhainn nádúrtha luachmhar agus fhinideach é Speictream Raidió atá ina ionchur riachtanach do sheirbhisí agus fheidhmchláir. I measc na seribhisí atá i gceist tá craoltóireacht raidió agus teilifíse, cumarsáid soghluaiste, seirbhisí leathanbhanda gan sreang, oibríochtaí iompair aer agus muirí slán, agus oibríocht laethúil na seirbhisí éigeandála.

Is é an rud atá i gceist le bainistiú speictrim raidió ná breathnú go cúramach ar raon leathan cuspóirí (m.sh cuspóirí riaracháin, rialaithe, sóisialta, eacnamaíochta agus teicniúla) ionas go gcinnteofar go bhfuil úsáid bharrmhaith agus éifeachtach á bhaint as.

Leagann ComReg stráitéis bainistíochta speictrim amach, ar bhonn rialta, chun cuidiú le bainistíocht a dhéanamh ar an speictream raidió. Déantar úsasdátú ar an stráitéis go minic.

Stráitéis bainistíochta raidió ComReg:

  • Tá sé forbartha i gcomhthéacs domhanda, réigiúnda (Eorpach) agus creat rialaithe náisiúnta a ríalaíonn úsáid speictrim in Éirinn;
  • Cuireann sé úsáid phoitéinsiúil an speictrim raidió in Éirinn san áireamh ón raon leathan úsáideoirí reatha agus poitéinsiúla;
  • Leagann sé plean oibre ComReg d’gníomhaíochtaí speictrim ar feadh tréimhse dhá bhliana lena n-airítear: seirbhisí soghluaiste, leathanbhanda gan sreang fánach agus seasta, craoltóireacht, naisc raidió, raidió gnó, uirlisí gearr-raonta, satailít, raidió amaitéarach, aerloingseoireacht, cosaint muirí, agus seirbhisí eolaíochta; agus
  • Léiríonn sé tuairim reatha ComReg ar go leor ceisteanna bainistíochta speictrim, ar nós úsáid ceant, fad ceadúnais agus táillí a bhaineann le cearta speictrim

Radio Spectrum Management Strategy 2016 – 2018.