Home / News / Industry News / Preasráiteas – Seolann ComReg Clárlann d’eagraíochtaí chun cabhrú le cosc a chur ar chamscéimeanna teachtaireachtaí téacs SMS in Éirinn 

Please enter your email address below. If there are particular publication types or categories that you want to receive alerts for, please select them from the lists. If you do not select anything you will receive alerts for all publications.

You have successfully un-subscribed from all ComReg news alerts.

Hold CTRL to select more than one

Preasráiteas – Seolann ComReg Clárlann d’eagraíochtaí chun cabhrú le cosc a chur ar chamscéimeanna teachtaireachtaí téacs SMS in Éirinn 

Sheol an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) inniu (04.06.2025) Clárlann Aitheantas Seoltóra SMS (Clárlann) chun cabhrú le camscéimeanna Seirbhíse Gearrtheachtaireachtaí (SMS) a chosc. Is é cuspóir na Clárlainne cabhrú le tomhaltóirí, seirbhísí agus brandaí a chosaint trí chabhrú le soláthraithe seirbhísí móibílí teachtaireachtaí SMS bréige a aithint agus a bhlocáil.

 

Is minic a bhíonn ainm (Aitheantas Seoltóra SMS) le teachtaireachtaí SMS ó fheidhmchlár go duine (A2P) le cur in iúl cé a sheol an teachtaireacht. B’fhéidir gurb é an tAitheantas Seoltóra seo ainm na heagraíochta nó na seirbhíse poiblí a sheol an teachtaireacht téacs, mar shampla 234BANC.

 

Úsáideann caimiléirí SMS (teachtaireachtaí téacs) le hAitheantas Seoltóra bréige go minic chun seirbhísí agus brandaí dílse a phearsanú. In amanna, bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir chamscéimeanna SMS den sórt sin agus teachtaireachtaí téacs SMS atá dílis agus dlisteanach. Baineann na teachtaireachtaí bréige seo den mhuinín as SMS agus is bagairt iad do sheirbhísí tábhachtacha gnó poiblí agus príobháideacha chomh maith le tomhaltóirí.

 

Is taisclann shlán í an Chlárlann d’Aitheantas Seoltóra SMS cláraithe, d’Úinéirí Aitheantas Seoltóra cláraithe, do Sholáthraithe Seirbhíse Móibílí Rannpháirteacha agus do Chomhbhailitheoirí SMS Rannpháirteacha (‘Soláthraithe SMS’). Beidh ar Sholáthraithe SMS teachtaireachtaí téacs ó Aitheantas Seoltóra SMS a sheiceáil i gcoinne na nAitheantas Seoltóra SMS atá cláraithe sa Chlárlann chun cabhrú le cosc a chur ar chamscéimeanna do thomhaltóirí. Ón 3 Iúil 2025, déanfar Aitheantais Seoltóra neamhchláraithe a athrú go ‘Camscéim is dócha. Is é aidhm an athraithe seo a chur in iúl don fhaighteoir go bhféadfadh sé nach bhfuil an SMS dlisteanach, agus a bheith cúramach faoi ábhar na teachtaireachta. Ón 3 Deireadh Fómhair 2025, cuirfear bac ar theachtaireachtaí SMS ó Aitheantais Seoltóra SMS neamhchláraithe.

 

Tá ComReg ag iarraidh ar gach eagraíocht a úsáideann Aitheantais Seoltóra SMS ina gcumarsáid SMS le custaiméirí, cliaint agus úsáideoirí seirbhíse gníomhú agus a nAitheantas Seoltóra a chlárú anois. 

 

Chun tacú le tionscnamh ComReg, tá breis agus seacht míle Aitheantas Seoltóra SMS réamhchláraithe cheana féin ag soláthraithe SMS a bhainistíonn trácht SMS A2P thar ceann eagraíochtaí. Mura bhfuil Aitheantas Seoltóra SMS réamhchláraithe, tá sé ríthábhachtach go gcláraítear anois é. Féadfaidh eagraíochtaí a nAitheantas Seoltóra SMS féin a chlárú nó féadfaidh a soláthraí SMS an tAitheantas Seoltóra SMS a chlárú ar a son. Beidh clárúcháin Aitheantas Seoltóra SMS ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Is féidir le heagraíochtaí Aitheantas Seoltóra SMS a chlárú agus seiceáil an bhfuil a nAitheantas Seoltóra SMS réamhchláraithe ag www.comreg.ie/senderid

 

Agus fáilte á cur roimh an tionscnamh, dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD: 

 

“Úsáideann go leor eagraíochtaí, go háirithe san earnáil phoiblí, teachtaireachtaí téacs mar uirlis luachmhar agus éifeachtach chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal. Fáiltím roimh sheoladh Chlárlann Aitheantas Seoltóra SMS, a mhéadóidh muinín in úsáid seirbhísí SMS agus a chuideoidh le stop a chur le chamscéimeanna teachtaireachtaí téacs ó theacht i dteagmháil le custaiméirí. Tá an Rialtas seo tiomanta do dhul i ngleic le caimiléireacht, agus cuirfidh an beart seo leis an ngealltanas seo trí leochaileacht tomhaltóirí i leith caimiléireachta a dhéantar thar SMS a laghdú.”

 

Ag labhairt ar sheoladh na Clárlainne, dúirt Garrett Blaney, Cathaoirleach ComReg:

 

“Tá ComReg i dteagmháil go gníomhach le Soláthraithe Seirbhíse Móibílí, Comhbhailitheoirí SMS agus eagraíochtaí a úsáideann Aitheantais Seoltóra SMS chun a chinntiú go gcláraítear an oiread Aitheantas Seoltóra SMS dlisteanacha agus is féidir sula gcuirfear tús le céim an athraithe  ‘Camscéim is dócha’ an 3 Iúil 2025. Tá sé seo tábhachtach chun cur i bhfeidhm éasca Chlárlann Aitheantas Seoltóra SMS a chinntiú, chun cabhrú le tomhaltóirí a chosaint, agus chun tionchar ar eagraíochtaí a theorannú.”

 

“Níl sa Chlárlann Aitheantas Seoltóra SMS ach ceann amháin de roinnt idirghabhálacha a thug ComReg isteach chun cabhrú le baol camscéimeanna glaonna teileafóin agus camscéimeanna teachtaireachtaí téacs a mhaolú. Measann Eacnamaíocht na hEorpa go bhfuil leibhéal bliantúil dochair do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí na hÉireann ó chamscéimeanna glaonna agus téacsanna ag níos mó ná €300 milliún, a bhfuil camscéimeanna teachtaireachtaí téacs is cúis le thart ar €115 milliún de sin.”

 

Féach www.comreg.ie/senderid le haghaidh tuilleadh eolais.

Related News