The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window
Home / Faoi / Faisnéis SF, RFC & Cosaint Sonraí / Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Áirítear sa leathanache seo:

  • Eolas Ginearálta

  • Conas Iarratas RFC a dhéanamh?

  • Táillí & Costais

  • Cad ar féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas?

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC)

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 go 2014 (I.R. U. 133 ó 2007, I.R. 662 ó 2011 agus I.R. 615 ó 2014), ar a dtugtar ‘na Rialacháin RFC’ as seo amach, cearta dlíthúla dóibh siúd a bhfuil fáisnéis ó údaráis phoiblí uathu faoin gcomhphobal.

Eolas Ginearálta

Faoi réir ag eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol a shealbhaíonn údarás poiblí nó a shealbhaítear thar a cheann, a chur ar fáil d’aon duine ach é a iarraidh.

Forálann na Rialacháin sainmhíniú ar eolas maidir leis an gcomhshaol agus déanann cur síos ar an mbealach in ar féidir iarratais ar eolas a chur faoi bhráid na n-údarás póiblí. Forálann na Rialacháin freisin do nós imeachta achomhairc fhoirmiúil i gcás nach mbíonn duine sásta leis an gcinneadh ar a iarratas.

Conas Iarratas RFC a dhéanamh?

Ba chóir iarratais le haghaidh Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol a dhéanamh do:

Feidhmeannach Rochtana Faisnéise
Coimisiún um Rialáil Cumarsáide,
1 Lárcheantar na nDugaí,
Sráid na nGildeanna,
BÁC 1, D01 E4X0.
Ríomhphost: aie@comreg.ie

Nuair atá iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaoil caithfear:

  • a chur in iúl go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus an t-iarratas a chur isteach i scríbhinn nó ar fhoirm leictreonach (aie@comreg.ie).
  • do shonraí teangmhála a chur ar fáil.
  • abair go sonrach, an fháisnéis maidir leis an gcomhshaol atá uait agus bí soiléir maidir leis an an gcineál agus modh rochtana atá uait.

De ghnáth, cuirfear ar an eolas thú faoin gcinneadh ar d’iarratas laistigh de 1 mhí ón am faighte.

Táillí & Costais

Níl aon táille tosaigh ar iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin RFC. D’fhéadfadh go ngearrfadh ComReg táille réasúnta ort chun an t-eolas a lorgaíodh a chur ar fáil. Féadfaidh costais a ghearradh do chur le chéile an eolais, nó costais cóipeála, clódóireachta agus poist.

  • Ní féidir le húdaráis phóiblí táillí a ghearradh le haghaidh rochtana ar chláir, liostaí fháisnéis maidir leis an gcomhshaol nó imscurdú ar an bhfáisnéis seo in situ.
  • Ní mór d’údaráis phoiblí liosta na dtáillí, más ann dóibh, a ghearrtar ar sólatháir fáisnéise maidir leis an gcomhshaol a chur ar fáil go póiblí.
  • Níl aon táille ag baint le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach.
  • Ón 19 Nollaig 2014 ar aghaidh, is é €50 an táille leasaithe; nó €15 más sealbhóir chárta leighis thú; más té cleithiúnach thú ar shealbhóir chárta; nó más triú pháirtí thú, a bhaineann le hachomharc a dhéanamh chuig an Coimisinéir um Fáisnéis Comhshaoil.

Cad ar féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas?

Ma cheapann tú gur diúltaíodh d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis chomhshaoil, go léir nó i bpáirt, nó seachas sin nár déileáladh leis i gceart de réir forálacha na Rialachán RFC, tig leat, laistigh d’aon mhí tar éis chinneadh na Roinne a fháil, iarratas a chur chuig an Roinn chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go léir nó i bpáirt.

Ní ghearrfar aon táille don phróiseas athbhreithnithe inmheánach.

Cuirfear toradh an athbhreithnithe chugat i scríbhinn, ag cur an chinnidh féin chomh maith leis an gcúis in iúl duit laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas uait. Tabharfar comhairle duit faoi do cheart ar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den tsórt sin chomh maith.

Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhFeidhmeannach Rochtana Faisnéise ar 018049689 nó aie@comreg.ie

Naisc: An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.