Cosaint Sonraí

De réir Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, tá sé de cheart agat cóip d’aon fháisnéis a bhaineann leat atá ar ríomhaire nó i gcóras lámhchomhdaithe struchtúrtha ag ComReg a fháil. Má tá fiosrúchán agat faoin Acht um Chosaint Sonraí, déan teagmháil linn ag na sonraí thós. Tabhair an méid is mó sonraí is gur féidir chun cuidiú linn teacht ar do thaifid. Luaigh an cineál teagmhála a bhí agat le ComReg chun cuidiú linn chomh maith (litreacha chuig ComReg, gearán tomhaltóra, foirmeacha iarratais, iarratais ar fhaisnéis agus eile). Chomh luath is atá táille €6.35 íochta agat, próiseálfar d’iarratas agus freagrófar thú laistigh de 40 lá.

Feidhmeannach Rochtana Faisnéise
Coimisiún um Rialáil Cumarsáide,
1 Lárcheantar na nDugaí,
Sráid na nGildeanna,
BÁC 1, D01 E4X0.
Ríomhphost: dataprotection@comreg.ie