The letter iAbout Comreg IconAbout PRS IconAbout PRSAuthorise Postal ProvidersAuthorise Postal Providers IconBase Station Location IconRadio Tower broadcasting wavesBilling Option IconShow more billing options for this planView this sectionA rightward arrowCode of Practice IconCode of PracticeA weighing scalesCompare Services IconCompetition Law Enforcement IconCompetition Law EnforcementPerson holding their hand up with a question markComplaints and Queries IconCompliance Enforcement IconCompliance EnforcementComreg Investigations IconComreg InvestigationsGroup of peopleConsumer Services IconComReg ConsumerTwo people speaking with a speech bubbles Government building with flagCorporate Governance Icon Coverage Map of IrelandCoverage MapPerson wearing a headsetCustomer Service IconArrow pointing downDownloadE-licencingE-licencing IconErrorA red sign with a white exclamation markFacebookThe Facebook LogoTwo Speech bubblesFeedback IconSquiggly line Iconfive_eight_gz IconOpen PadlockFreedom Act IconFrequency Allocations IconFrequency AllocationsStampGeneral Authorisation IconLandline PhoneHome Phone IconIndustry Forms IconIndustry FormsComReg IndustryA tall buildingInternational IconInternationalLaptop computerInternet IconJargon Buster IconJargon BusterGavel hammer used in courtLegislation IconLicense Exceptions IconLicense ExceptionsLicensing IconRolled Certificate with RibbonLiecense Ammendments Permissions IconLiecense Ammendments PermissionsLinkedinThe LinkedIn Logo - this link will open in a new windowMarket Analysis IconMarket AnalysisMarket Information IconMarket InformationMegaphoneMobile PhoneMobile Phone Iconnav-home-iconnav-home-icon-bluenav-home-icon-greenA folded newspaperIndustry News IconA folded newspaperNews and Press IconNounSubmit a consumer query or complaintPhone BookNumbering Naming Addressing IconShow other information about planOther Information IconShow payment options for this planPayment Options IconPDF logoPDF fileLocation DevicePersonal Locator Beacon IconEnvelopePostal IconPostBoxPostal Authorisation IconEuro symbolPremium Rate IconTest Trail One IconTest Trail OnePrice Control Accounting IconPrice COntrol AccountingProductsProducts IconPRS Number IconPRS NumberBlank PagePublications IconRadio SpectrumRadio Spectrum IconRadio Tower broadcasting wavesIndustry Radio Spectrum IconRegulation Of An Post IconList with a tick markSignal wavesRSS FeedSpectrum Awards IconSpectrum AwardsSpectrum Compliance IconSpectrum ComplianceJigsaw pieceStrategy IconTips Advice IconTips AdviceShapeTwitterThe Twitter Logo - this link will open in a new windowec-networkec-networkEC SignalEC Signalec-checklistec-checklistec-deviceec-deviceec-peopleec-peopleec-speechec-speechXThe X Logo - this link will open in a new window
Home / Faoi / Faisnéis SF, RFC & Cosaint Sonraí / Cé muidne agus cad a dhéanamid

Cé muidne agus cad a dhéanamid

Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) an comhlacht stáit atá freagrach as ríalú na hearnála cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáide, radachumarsáid agus tarchur craolacháin) agus an earnáil poist. Is muidne an t-údarás rialála náisiúnta do na hearnálacha sin de réir dhlí an AE a bhíonn trasuite i reachtaíocht na hÉireann. Bunaíodh ComReg ar an 01 Nollaig 2002 agus tá Coimisiún, ina bhfuil triúr Coimisinéirí, i gceannas air.

De réir an Achta um Ríaláil Cumarsáide 2002 – 2011, tá raon leathan feidhmeanna agus cuspóirí ag ComReg i dtaobh cur ar fáil líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhisí cumarsáide leictreonaí agus poist.

Ina measc tá:

  • cinntiú comhlíontachta oibritheoirí ina gcuid dualgas
  • iomaíocht a chur chun cinn
  • cur le forbairt an mhargaidh intéirnigh
  • leasa úsáideoirí sa Chomhphobal Eorpach a chur chun cinn
  • bainistiú agus úsáid éifeachtúla an speictrim radaimhinicíochta agus uimhreacha ón scéim uimhrithe náisiúnta a chinntiú
  • forbairt na hearnálacha poist a chur chun chunn, agus fáil ar seirbhís uilíoch poist a chur chun cinn ach go háirithe
  • leasa na n-úsáideoirí deiridh seirbhisí ardráta a chosaint

Is é an Coimisiún, i dteannta na foirne ArdBhainistíochta, atá freagrach as bainistiú stráitéiseach agus oibríochtúil na heagraíochta. Braitheann ComReg ar iarrachtaí ár bhfoirne ar fad (dlíodóirí, eacnamaithe, innealtóirí, cuntasóirí, anailísithe gnó, speisialtóirí riaracháin agus eile) chun ár mbunchospóirí féin agus ár ndualgais reachtaíochta a bhaint amach.

Feidhmíonn ComReg mar chomhlacht coláisteach, glacann na Coimisinéirí na cinntí ar fad le chéile. Breathnaítear ar seo mar rud fíor-thábhachtach agus ComReg ag comhlíonadh spioraid an Achta um Rialáil Cumarsáide, 2002 (leasaithe), a d’eascair ComReg as. Tá ceithre rannóg i ComReg, agus faigheann siad ar fad tacaíocht ó Ard-Abhchóide agus an Comhairleoir Sinsearach Eacnamaíochta, Beartais agus Taighde.  Tá an struchtúr seo bunaithe ar fhoirne tras-feidhme ag obair le chéile i dtimpeallacht ildisciplíneach.

 

Dualgais

Is eagraíocht é ComReg a bhfuil raon leathan dualgas teileachumarsáide (nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí agus líonra chun cur síos níos cuimsí a chur air), poist agus bhainistiú speictrim.

Leagtar ár mbunchuspóirí amach faoi réir reachtaíochta príomha agus tánaistigh. Bíonn an creat reachtaíochta ag forbairt i gcónaí. I 2007, láidríodh dualgais agus cumhachtaí ComReg chomh maith leis na bearta comhlíontachta atá acu, faoin Acht um Ríaláil Cumarsáide (Leasú) 2007. Thug an tAcht Iomaíochta cumhachtaí do ComReg i dtaobh cumarsáide agus seirbhisí leictreonaí ach go háirithe. D’aistrigh an tAcht um Ríaláil Cumarsáide (Infreastruchtúr Sheirbhisí ArdRáta & Chumarsáid Leictreonaí) 2010, dualgais i dtaobh rialaithe na seirbhisí ArdRáta go ComReg agus thosnaigh ComReg i mbun na ndualgas seo mí Iúil 2010. Tá Ríalú Poist faoi réir an tAcht Poist 2011.

Mar achomire, comhlíonann ComReg na róil seo a leanas i gcur chun cinn iomaíochta, tomhaltóirí a chosaint agus nuálaíocht a chur chun cinn.

 

Ag cosaint agus ag tabhairt eolais do Thomhaltóirí

Cuimsíonn an ról seo tomhaltóirí gnó agus tí, móreagraíochtaí ionadaí tomhaltóra, chomh maith le teileachumarsáid, oibriúcháin cheadúnú speictrim agus seirbhisí poist. Tá na forbairtí reachtaíochta ar fad a mbíonn éifeacht acu ar thomhaltóirí miondíola san áireamh chomh maith le cur i bhfeidhm na bhforálacha cosaint tomhaltóirí de na Treoracha Seirbhíse Uilíche agus Poist. Cuireann an Coimisiún próisis i bhfeidhm chun eolas tomhaltóra réamhghníomhaigh ar nós treoracha tomhaltóra agus feidhmchláir a dhéanann comparáid praghais, a chur ar fáil.  Chomh maith le sin cuireann ComReg feidhmeanna chúram tomhaltóra i bhfeidhm ar son tomhaltóirí cumarsáide leictreonaí agus seirbhisí. [Déanann an Coimisiún maoirseacht ar fhorbairt stráitéiseach na feidhme Oibritheoirí Ceadúnú, a bhíonn ag plé le níos mó ná 16,000 ceadúnas in aghaidh na bliana.]

 

Ag cur iomaíochta chun cinn

Baineann an ról seo le héascú uasléibhéil iomaíochta i gcúrsaí leathanbhanda, glóir agus prótacal idirlín guthaithe trí chéimeanna éagsúla a ghlacadh ar nós LLU, sruth giotán, leathanbhanda gan sreang (leathanbhanda soghluaiste gan sreang san áireamh), cábla agus rogha infreastruchtúr eile. Tá baint aige chomh maith le hiomaíocht feabhsaithe i gcúrsaí soghluaiste trí iontrálaithe MVNO a chur chun cinn, athbhreithniú a dhéanamh, agus athruithe a dhéanamh ar chóras praghsála mórdhíola le líonraí seasta (nuair is cuí), agus maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibritheoirí maidir le dualgais faoin gcreat reachtúil do theileachumarsáid agus speictream.

 

Ag cur nuálaíochta chun cinn

Cuimsíonn an ról seo nuálaíochtaí reachtúla, ar nós cur i bhfeidhm athbhreithnithe margaidh faoin gCreat Reachtaíochta Eorpaigh, agus nuálaíochtaí teicniúla. Cuimsíonn an ról seo athbhreithniú ar stráitéis speictrim ComReg, tionscnaíocht nua in earnáil na gceadúnas gan sreang, chomh maith le hÉireann a chur chun cinn mar láthair tástála d’úsáidí nuálaíochta speictrim. Cuimseoidh sé forbairt stráitéis rialaithe teilichumarsáide réamhbhreathnaitheacha, ag cur treochtaí teicneolaíochta, eacnamaíochta agus rialáilte nua san áireamh. Beidh an teacht chun cinn i seirbhisí poist agus an creat reachtaíochta a bhaineann leo san áireamh chomh maith.

 

 

Rialachas Corparáideach

Tá cáipéisí Rialachais Corparáidigh ar fáil thíos:

ComReg Code of Business Conduct for Commissioners of ComReg

ComReg Code of Business Conduct for Staff of ComReg

ComReg Code of Financial Management

 

 

Pleananna agus Straitéisí Corparáideacha 

 

 

Tuarascáil Bhliantúil

 

Struchtúr Eagraíochta

Raonta Turastail Fostaithe ComReg  31.03.2016
 
Raonta (€’000) #
20-40 14
40-60 41
60-80 29
80-100 19
100-140 6
140-180 6

Sonraí Teagmhála ComReg

An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
1 Lárcheantar na nDugaí,
Sráid na nGildeanna,
BÁC 1, D01 E4X0.

Sonraí Teagmhála Tomhaltóra

Téacs – Seol téacs leis an bhfocal COMREG go 51500 (Gnáth-tháille SMS i bhfeidm*).

Ríomhphost – Ceisteanna Tionscadail – industry@comreg.ie

Ceisteanna Tomhaltóra Gnó businessconsumers@comreg.ie
Gach ceist tomhaltóra eile  consumerline@comreg.ie

 

Sonraí Teagmhála SF

 

Feidhmeannach Rochtana Faisnéise
Coimisiún um Rialáil Cumarsáide,
Cúirt na Mainistreach,
Ionad Irish Life,
Sráid na Mainistreach Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1 D01 W2H4
Teil: 018049689
Faics: 018788193
Ríomhphost: foi@comreg.ieTuilleadh:

Tuilleadh Eolais maidir le SF

 

Cairt Tomhaltóra

Is é soláthróir Seirbhísí ar Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ceann de na réimsí tosaíochta atá ag ComReg.

Scríobhadh an Chairt Custaiméara seo chun leagadh amach, i mbealach soiléír agus gan athbhrí, conas ar féidir linn cinntiú go bhfuilimid ag soláthar seirbhíse ar ardchaighdeán dár gcustaiméirí. Léiríonn sé ár dtiomantas do sholáthar agus seachadadh seirbhís tomhaltóra agus conas a dhéanfar ár bhfeidhmíocht a mheas agus a athbhreithniú.

Cairt Chustaiméara ComReg

 

An raibh an leathanach seo úsáideach?

Error: Contact form not found.

Error: Contact form not found.